Jump to content

Tábla peiriadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is cóiriú ar dhúile de réir méid na huimhreach adamhaí é an Tábla Peiriadach.[1] ar a dtugtar tábla peiriadach Meindeiléiv uaireanta (nó clár peiriadach na ndúl[2]).

Cuirtear na dúile in ord de réir a struchtúir leictreonaigh, agus na saintréithe ceimiceacha agus fisiceacha ag athrú go rialta trasna an tábla. Liostáiltear gach dúil de réir a huimhreach adamhaí agus a siombaile ceimicí.Tá na dúile leagtha amach air ina sraitheanna cothrománacha (tréimhsí) de réir a n-uimhreacha adamhacha (arb ionann iad sin is a n-oiread prótón), agus ina gcolúin cheartingearacha mar ghrúpaí gaolmhara.

De ghnáth, dáiltear bosca ar gach dúil ann, mar seo:

1 uimhir adamhach

H siombail

hidrigin ainm

1.00797 mais adamhach

Dmitri Mendeleev

Ba é an t-eolaí Dmítrí Meindeiléiv a chuir an chéad bhun leis an tábla peiriadach seo sa bhliain 1869. San am sin, ní raibh eolas ag na daoine go fóill ar struchtúr inmheánach an adaimh, agus mar sin, ní raibh de bhunús ag Meindeiléiv leis an tábla seo ach an meáchan adamhach.

Ós rud é nach ionann i gcónaí ordú na ndúl de réir na huimhreach adamhaí agus de réir an mheáchain adamhaigh, b'éigean do mo dhuine ordú dhá dhúil i ndiaidh a chéile a athrú uaireanta.

Is é an míniú a bhí aige ná nach raibh meáchain adamhacha na ndúl tomhaiste go cruinn go fóill.

Cé go raibh níos mó ná cuid den cheart ann aige ansin, is é an tuiscint atá againn inniu ar an scéal seo ná gurbh é líon na bprótón i núicléas an adaimh a insíonn, cé acu dúil lena mbaineann an t-adamh sin, seachas an meáchan adamhach.

Mar sin féin, bhí Meindeiléiv in ann tátail thábhachtacha a bhaint as a leagan féin de thábla peiriadach na ndúl, nó thuar sé go raibh dúile áirithe ann, i bhfad sular tháinig na heolaithe turgnamhacha trasna orthu.


Cód datha do na huimhreacha adamhacha:

  • is leachtanna iad na dúile a bhfuil dath gorm orthu le teocht chaighdeánach agus faoi bhrú caighdeánach (TBC);
  • is gáis iad ag TBC na cinn a bhfuil dath uaine orthu;
  • is solaid iad ag TBC na cinn a bhfuil dath dubh orthu;
  • is dúile sintéiseacha iad na cinn a bhfuil dath dearg orthu (tá siad go léir ina solaid ag TBC);
  • agus na dúile a bhfuil dath liath orthu, is dúile iad nár fionnadh go fóill (ina theannta sin tá miondath ar bhoscaí na ndúl seo le taispeáint cén grúpa is dual dóibh, más ann dóibh).
Grúpa 1 2
3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18
Peiriad
1 1
H

2
He
2 3
Li
4
Be


5
B
6
C
7
N
8
O
9
F
10
Ne
3 11
Na
12
Mg


13
Al
14
Si
15
P
16
S
17
Cl
18
Ar
4 19
K
20
Ca

21
Sc
22
Ti
23
V
24
Cr
25
Mn
26
Fe
27
Co
28
Ni
29
Cu
30
Zn
31
Ga
32
Ge
33
As
34
Se
35
Br
36
Kr
5 37
Rb
38
Sr

39
Y
40
Zr
41
Nb
42
Mo
43
Tc
44
Ru
45
Rh
46
Pd
47
Ag
48
Cd
49
In
50
Sn
51
Sb
52
Te
53
I
54
Xe
6 55
Cs
56
Ba

*
72
Hf
73
Ta
74
W
75
Re
76
Os
77
Ir
78
Pt
79
Au
80
Hg
81
Tl
82
Pb
83
Bi
84
Po
85
At
86
Rn
7 87
 Fr 
88
Ra

*
**
104
Rf
105
Db
106
Sg
107
Bh
108
Hs
109
Mt
110
Ds
111
Rg
112
Cn
113
Nh
114
Fl
115
Mc
116
Lv
117
Ts
118
Og

* Lantanóidigh 57
La
58
Ce
59
Pr
60
Nd
61
Pm
62
Sm
63
Eu
64
Gd
65
Tb
66
Dy
67
Ho
68
Er
69
Tm
70
Yb
71
Lu
** Achtainídí 89
Ac
90
Th
91
Pa
92
U
93
Np
94
Pu
95
Am
96
Cm
97
Bk
98
Cf
99
Es
100
Fm
101
Md
102
No
103
Lr
Sraitheanna Ceimiceacha an Tábla Pheiriadaigh
Miotail alcaile Miotail chré-alcaileacha Lantanóidigh Achtainídí Miotail trasdultacha
Miotail iarthrasdultacha MiotalóideachAchtanóidighMiotalóidigh Neamh-mhiotail Halaiginí Triathgháis

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Eolaíocht Bhunúsach, lth. 161. An Gúm
  2. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)