Sengann mac Dela
Cuma
(Athsheolta ó Seanghann mac Deala)
Cineál | duine carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | monarc |
Muintir | |
Leanaí | Fodbgen |
I Miotaseolaíocht na nGael ba Ard-Rí na hÉireann é Sengann mac Dela, sliocht de na Fir Bolg, i gcomharbacht ar a dheartháireacha Gann agus Geanann. Ba í Anast a bhean chéile.
Nuair a tháinig na Fir Bholg go hÉirinn mar lonnaitheoirí, roinn an cúigear mac Dela an tír eatarthu. Tháinig Sengann i dtír ag Inbhear Dhúglais, and roinn an bheirt acu cúige Mumhan eatarthu, Sengann sa deisceart agus Gann sa tuaisceart.
Tar éis bás Ghann agus Geanainn den phlá, bhí Sengann i réim ar feadh cúig bliana, sular mharaigh Fiacha Cennfinnán, garmhac a dhearthár Rudraige, é.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Réamhtheachtaí Gann agus Geanann |
Ard-Rí na hÉireann ACM 1927–1921 RC FFE 1507–1502 RC |
Comharba Fiacha Cennfinnán |