Malcolm Noonan
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1966 57/58 bliana d'aois Port Láirge, Éire |
Teachta Dála | |
8 Feabhra 2020 – Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Ceatharlach–Cill Chainnigh Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Is polaiteoir Éireannach é Malcolm Noonan atá ag déanamh ionadaíochta ar Thoghcheantar Cheatharlach-Cill Chainnigh agus ceapadh é ina Aire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchán i mí Iúil 2020.
Tá sé ina bhall den Comhaontas Glas ón mbliain 2004.
Bhí sé ina mhéara ar Chill Chainnigh i 2009 go dtí 2010. Ceapadh é ina chomhalta de Chomhairle Buirge Chill Chainnigh agus Comhairle Contae Chill Chainnigh in 2004, tá 16 bhliain caite aige ag obair in earnáil an rialtais áitiúil agus ceapadh é mar Mhéara Chill Chainnigh in 2009; ba é an chéad Mhéara ón bPáirtí Glas a ceapadh i stair fhada na Cathrach. Chaith sé tréimhse ghairid ag feidhmiú mar Thoscaire na hÉireann ar Choiste Eorpach na Réigiún agus mar Chomhchathaoirleach ar Fhóram Uile-Oileáin na nÚdarás Áitiúil Neamhnúicléach.
Sular chinn Malcolm díriú ar an bpolaitíocht is ar an ngníomhaíochas comhshaoil agus pobail a bhí sé ag díriú, ina ról mar stiúrthóir agus comhordaitheoir náisiúnta Chairde Cruinne na hÉireann agus bhí baint aige le gníomhaíochas pobalbhunaithe chomh maith; bithéagsúlacht, gníomhú ar son na haeráide, soghluaisteacht, abhcóideacht ar son lucht míchumais, lánpháirtiú, forbairt an lucht siúil agus meabhairshláinte.
I rith a shaoil oibre tá tréimhsí caite aige ag díriú ar gharraíodóireacht tírdhreacha, féinmharú a chosc agus dearadh grafach. Tá cáilíochtaí aige sa dearadh tionsclaíoch agus BA (Onór) san Fhorbairt Tuaithe. Tá Malcolm i mbun staidéir i láthair na huaire agus tá súil aige MA san Fhorbairt Idirnáisiúnta a chríochnú in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.