Móta agus bábhún
Móta agus bábhún | |||
---|---|---|---|
Sonraí | |||
Cineál | Cineál foirgnimh | ||
Tréimhse ama | an Mheánaois | ||
Daingean | |||
Ward (en) [[File:Noun Project label icon 1116097 cc mirror.svg | |||
Rampar | |||
Sonnach | |||
Is daingean an-simplí Normannach é móta agus bábhún. Tógadh iad san bhFrainc, san Bhreatain agus in Éirinn san aonú haois agus san dóú haois déag, mar go raibh siad a bheag nó a mhór saor agus tapa le tógáil. D'fhéadfaí feidhm a bhaint astu mar dhúnchla cosanta nó áit dídine.
Foirgníocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is tulach nó cnocán ard cré é móta (nó motte sa bhFraincis) agus is minic a bhaintí feidhm as mullóg nádúrtha nó as sean-ráth. Thógtí daingean déanta as adhmaid nó clocha. Bhaintí cré ón díog, tochailte timpeall ar an mhóta ag bun an tulaigh nó timpeall ar an daingean go léir.
Bheadh an dromchla lasmuigh den mhóta clúdaithe le chré nó daingnithe le hadhmaid tacaíochta.
Is féidir go mbeadh dhá mhóta ag na daingin is mó, mar atá i gCaisleán Lewes. Bheadh sonnach adhmaid ar an chuid is mó de na caisleáin bhunaidh agus túr faire adhmaid i lár baill acu.