Jump to content

Lá Domhanda na Daonnúlachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Domhanda na Daonnúlachta
Íomhá
Cineállá idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann sécúnamh daonnúil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht11 Nollaig 2008 - 
19 Lúnasa Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse2009 - 
Eagraína Náisiúin Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinun.org… Cuir in eagar ar Wikidata


Olivia Owen

Ceiliúrtar Lá Domhanda na Daonnúlachta ar fud na cruinne gach bliain ar an 19 Lúnasa chun ómós a léiriú d’oibrithe cabhracha a fuair bás nó a gortaíodh le linn a gcuid oibre. Is ócáid í freisin

  • chun ár dtiomantas comhchoiteann do luacha na daonnúlachta a cheiliúradh;
  • chun cuidiú le domhan níos daonnúla a chruthú.

Léiríonn an lá an tábhacht a bhaineann le comhoibriú idirnáisiúnta chun riachtanais na ndaoine is leochailí ar domhan a shásamh.

Lá Domhanda na Daonnúlachta in Eírinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharraing an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar an 19 Lúnasa 2017[1] aird ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú idirnáisiúnta chun riachtanais na ndaoine is leochailí ar domhan a shásamh. Is deis atá i Lá Domhanda na Daonnúlachta, a dúirt sé, ár ndlúthpháirtíocht le níos mó ná 130 milliún duine thart timpeall an domhain, a bhfuil daonchabhair de dhíth orthu chun maireachtáil, a léiriú.

"Is ábhar bróid dúinn an dea-theist ar Éirinn ina tacaíocht d’íospartaigh na coimhlinte agus na dtubaistí nádúrtha. Agus is féidir linn misneach a thabhairt dá chéile dul i mbun gnímh, agus beartais a lorg a chuideoidh le deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an bhforéigean.”

  1. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-12-20.