Jump to content

Kemi Badenoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAn Ró-Onórach Cuir in eagar ar Wikidata
Kemi Badenoch

(2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Olukemi Olufunto Adegoke Cuir in eagar ar Wikidata
2 Eanáir 1980
44 bliana d'aois
Wimbledon, England Cuir in eagar ar Wikidata
Ceannaire an Fhreasúra
2 Samhain 2024 –
← Rishi Sunak
Ceannaire an Pháirtí Caomhaigh
2 Samhain 2024 –
← Rishi Sunak
Ball den 59ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
4 Iúil 2024 –

Toghcheantar: Essex Thiar Thuaidh

Rúnaí Stáit don Straitéis Ghnó, Fuinnimh agus Tionscail
7 Feabhra 2023 – 5 Iúil 2024
← Grant ShappsJonathan Reynolds →
Aire na mBan agus Comhionannas
25 Deireadh Fómhair 2022 – 2024
← Nadhim Zahawi
Uachtarán an Bhoird Trádála
6 Meán Fómhair 2022 – 5 Iúil 2024
← Anne-Marie TrevelyanJonathan Reynolds →
Rúnaí Stáit um Thrádáil Idirnáisiúnta
6 Meán Fómhair 2022 – 7 Feabhra 2023
← Anne-Marie Trevelyan
Aire Stáit do Rialtas Áitiúil, Creidimh agus Pobail
16 Meán Fómhair 2021 – 6 Iúil 2022 (éirí as)
← Luke HallPaul Scully →
Fo-Rúnaí Parlaiminte an Stáit um Chomhionannas
14 Feabhra 2020 –
← Susan Williams, Baroness Williams of Trafford (en) Aistrigh
Rúnaí an Státchiste chuig an Státchiste
13 Feabhra 2020 – 16 Meán Fómhair 2021
← Simon Clarke
Ball den 58ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Nollaig 2019 – 30 Bealtaine 2024 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Saffron Walden

Fo-Rúnaí Parlaiminte Stáit do Leanaí agus Teaghlaigh
27 Iúil 2019 – 14 Feabhra 2020
← Nadhim ZahawiVicky Ford →
Ball den 57ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
8 Meitheamh 2017 – 6 Samhain 2019 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Saffron Walden

Ball de Thionól Londain
5 Bealtaine 2016 – 8 Meitheamh 2017
← Gareth BaconSusan Hall →
Ball de Thionól Londain
16 Meán Fómhair 2015 – 5 Bealtaine 2016
← Victoria BorwickShaun Bailey → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleite栢丹娜 Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Sussex - Máistreacht san Innealtóireacht
Birkbeck, Ollscoil Londan - Baitsiléir Dlíthe Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, údar Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirThe Spectator (2015–2016)
Coutts (en) Aistrigh (2006–2013)
Logica (en) Aistrigh (2003–2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach (2005–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
16 Eanáir 2023Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileHamish Badenoch (2012–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinkemibadenoch.org.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: kemibadenoch X: KemiBadenoch Instagram: kemibadenoch Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Briotánach í Olufunto "Kemi" Badenoch (née Adegoke ar an 2 Eanáir 1980 i Wimbledon). Tá Badenoch ina Cheannaire ar an bPáirtí Coimeádach agus ina Cheannaire ar an bhFreasúra ó 2024.

a céad óráid mar cheannaire ar an bPáirtí Coimeádach, Samhain 2024

Rugadh Olukemi Olufunto Adegoke ar 2 Eanáir 1980 i Wimbledon, Londain.[1] Tá sí ar dhuine de thriúr leanaí a rugadh do thuismitheoirí meánaicmeacha Iarúbacha. Is dochtúir ginearálta é a hathair, Femi Adegoke, agus is ollamh le fiseolaíocht í a máthair, Feyi Adegoke. Chaith Badenoch codanna dá hóige ina cónaí i Lagos, an Nigéir agus sna Stáit Aontaithe, áit a raibh a máthair ag léachtóireacht.[2][3][4] Tá deartháir aici darb ainm Fola agus deirfiúr darbh ainm Lola.[5] D'fhill sí ar an Ríocht Aontaithe nuair a bhí sí 16 bliana d'aois chun cónaí le cara dá máthar mar gheal ar an staid pholaitiúil agus eacnamaíoch a bhí ag dul in olcas sa Nigéir, a raibh tionchar aici ar a teaghlach.[6] Cé gur saoránach Briotanach í agus gur rugadh sa Ríocht Aontaithe í, dúirt Badenoch go raibh sí "to all intents and purposes a first-generation immigrant" , le linn a hóráid tosaigh sa pharlaimint.[7]

Oideachas agus gairm san earnáil phríobháideach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain sí A-leibhéil amach ó Phoenix College, iar- choláiste breisoideachais i Morden, agus í ag obair i mbrainse de McDonald's i measc postanna eile.[1][4] Rinne Badenoch staidéar ar Innealtóireacht Chórais Ríomhaireachta ag Ollscoil Sussex, agus chríochnaigh sí Máistreacht san Innealtóireacht (MInn) i 2003.[8][9] D’oibrigh sí ar dtús san earnáil na teicneolaíochta faisnéise (TF) , ar dtús mar innealtóir bogearraí le Logica ( 'CGI Group' níos déanaí) ó 2003 go 2006.

Agus í ag obair ansin, rinne sí staidéar ar an dlí go páirtaimseartha ag Birkbeck, Ollscoil Londain, agus chríochnaigh sí céim Baitsiléir Dlí (LLB) in 2009.[4] D’oibrigh Badenoch ansin mar anailísí córais ag an 'Royal Bank of Scotland Group',[10] sular lean sí slí bheatha i seirbhísí comhairleoireachta agus airgeadais, ag obair mar comhstiúrthóir do 'Coutts', banc píomháideach agus bainisteoir saibhreas, ó 2006 go 2013, agus ina dhiaidh sin ina stiúrthóir digiteach ag "The Spectator" ó 2015 go 2016.[9][11][12]

Badenoch sa bhliain 2017 ag labhairt ag an London Assembly's Energy Committee
2021[13]
2022
2024

Chuaigh Badenoch isteach sa Pháirtí Coimeádach i 2005 ag aois 25.[14][15] Ag olltoghchán 2010, bhí sí san iomaíocht i dtoghacheantar Dulwich agus West Norwood i gcoinne Tessa Jowell de chuid an Lucht Oibre agus tháinig sí sa tríú háit.[16]

Tionól Londain

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2012, sheas Badenoch do na Coimeádaigh i dtoghchán Thionól Londain, áit ar cuireadh sa chúigiú háit ar an liosta Londain í.[17] Níor bhuaigh na Coimeádaigh ach trí shuíochán ón liosta ar fud Londain sa toghchán, mar sin níor toghadh Badenoch.[18]

Trí bliana ina dhiaidh sin, in olltoghchán 2015, toghadh Victoria Borwick go Teach na dTeachtaí [19] agus ina dhiaidh sin d’éirigh sí as a suíochán ar Thionól Londain. Toghadh an ceathrú iarrthóir ar an liosta, Suella Fernandes, chuig Teach na dTeachtaí freisin,[20] agus dhiúltaigh sí an post a líonadh. Fógraíodh mar sin gurbh í Badenoch (mar a bhí sí, tar éis a pósadh i 2012) an Comhalta Tionóil nua.[21] Lean sí ar aghaidh chun a suíochán a choinneáil sa Tionól i dtoghchán 2016.[22]

Thacaigh Badenoch leis an mBreatimeacht i reifreann bhallraíocht an AE sa RA 2016.[2]

Mar bhall den Pháirtí Coimeádach, in 2017 toghadh í mar Fheisire Parlaiminte (FP) do Saffron Walden in Essex.

Bhí sraith post sóisearach aireachta aici faoi Bhoris Johnson ó 2019 go 2022. Tar éis do Bhoris Johnson a bheith ina Phríomh-Aire i mí Iúil 2019, ceapadh Badenoch mar Fho - Rúnaí Stáit Parlaiminte do Leanaí agus Teaghlaigh. In athstruchtúrú mhí Feabhra 2020, ceapadh í mar Rúnaí Státchiste don Státchiste agus mar Fho-Rúnaí Stáit Parlaiminte um Chothromaíochtaí. I mí Mheán Fómhair 2021, tugadh ardú céime di mar Aire Stáit Comhionannais agus ceapadh í mar Aire Stáit Rialtais Áitiúil, Creidimh agus Pobail. I mí Iúil 2022, d'éirigh Badenoch as an rialtas agus níor éirigh léi teacht in áit Johnson i dtoghchán ceannaireachta an Pháirtí Choimeádaigh i mí Iúil - Meán Fómhair 2022.[23][24]

Tar éis do Liz Truss a bheith ceaptha ina Príomh-Aire i Meán Fómhair 2022, cheap sí Bàideanach mar Rúnaí Stáit um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ina hUachtarán ar an mBord Trádála; athcheapadh comharba Truss í, Rishi Sunak, an mhí dár gcionn. Bhí Badenoch ag obair mar Aire na mBan agus na gCothromaíochtaí ó 2022-2024 chomh maith. [25][26]

San athstruchtúrú comh-aireachta i mí Feabhra 2023, aistríodh Badenoch isteach i ról an Rúnaí Stáit do Ghnó agus Trádáil, tar éis an Roinn Trádála Idirnáisiúnta a chumasc le heilimintí de Straitéis na Roinne Gnó, Fuinnimh agus Tionscail. Choinnigh Badenoch freagrachtaí an aire comhionannais.[26]

Bhí sé maíte ag Kneecap go ndearnadh leithcheal air nuair a dhiúltaigh Kemi Badenoch deontas ealaíne de £14,250 (€17,000) a cheadú dó tráth a raibh sí ina rúnaí gnó agus trádála. Sheas an Ard Chúirt i mBéal Feirste ar an 29 Samhain 2024 leis an mbanna agus ball den ghrúpa, DJ Próvaí, ag rialú go raibh cinneadh Badenoch neamhdhleathach agus éagórach.

San argóint a rinne an banna rapcheoil deir sé nach raibh Kemi Badenoch sásta an t-airgead a thabhairt dó mar go raibh claonadh sa bhanna gan a bheith ró-fhabhrach do na Tóraithe agus go ndearna sé fiodmhargadh faoin iar-cheannaire Caomhach,Boris Johnson.[27]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". BBC News. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 July 2022. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "BBC News" defined multiple times with different content
  2. 2.0 2.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Evening Standard. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 August 2017. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "Eve" defined multiple times with different content
  3. Daily Mail: Meet the MP who is fiercely proud to be British”. Saffron Walden (25 September 2017). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 September 2021. Dáta rochtana: 7 September 2021.
  4. 4.0 4.1 4.2 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Independent. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 9 September 2017. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "View" defined multiple times with different content
  5. Kemi Badenoch”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 July 2022. Dáta rochtana: 10 July 2022.
  6. Kemi Badenoch”. Birkbeck, University of London. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 September 2021. Dáta rochtana: 7 September 2021.
  7. Dickson (18 July 2022). “Kemi Badenoch: the UK Conservative Party's next leader-but-one?”. Saffron Walden. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 July 2022. Dáta rochtana: 18 July 2022.
  8. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Telegraph. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 9 April 2018.
  9. 9.0 9.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Saffron Walden Reporter. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 May 2017. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "Saff" defined multiple times with different content
  10. Theme: Our destiny in our hands”. TEDxEuston. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 January 2018. Dáta rochtana: 30 June 2017.
  11. "Badenoch, Kemi" (1 December 2016) (Who's Who, online ed.). A & C Black. doi:10.1093/ww/9780199540884.013.U287245. ISBN 978-0-19-954088-4. Dáta rochtana: 11 February 2018. 
  12. Kemi Badenoch (past staff)”. London.gov.uk. Greater London Authority (7 May 2015). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 June 2021. Dáta rochtana: 23 June 2021.
  13. "Treasury Minister commends energy innovations towards Net Zero" (en). GOV.UK. Dáta rochtana: 2024-11-29.
  14. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Observer. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 April 2018.
  15. Gimson (21 December 2017). “Interview: Kemi Badenoch – "I'm not really left-leaning on anything...I always lean right instinctively"”. ConservativeHome. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 April 2018. Dáta rochtana: 21 April 2018.
  16. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 August 2017.
  17. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Guardian. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 October 2017.
  18. London Assembly Results”. BBC News. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 November 2017. Dáta rochtana: 13 October 2017.
  19. Kensington”. UK Polling Report. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 October 2017. Dáta rochtana: 13 October 2017.
  20. Fareham”. BBC News (7 May 2015). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 December 2016. Dáta rochtana: 30 September 2021.
  21. New Assembly Member appointed”. London Assembly (16 September 2015). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 4 November 2016.
  22. Results 2016”. London Elects. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 October 2017. Dáta rochtana: 13 October 2017.
  23. McFadden (8 July 2022). “Former equalities minister Kemi Badenoch announces Tory leadership bid” (en). inews.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 July 2022. Dáta rochtana: 8 July 2022.
  24. Conservative leadership latest: Badenoch out as Sunak wins fourth Tory vote” (en-gb). BBC News. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 July 2022. Dáta rochtana: 2022-07-19.
  25. UK Prime Minister twitter” (en). Twitter. Dáta rochtana: 2022-09-06.
  26. 26.0 26.1 Sunak reshuffle: Shapps named energy secretary in department shake-up”. BBC News (7 February 2023). Dáta rochtana: 7 February 2023.
  27. Nuacht RTÉ (2024-11-29). "'Kneecapaim é' a deir Ard Chúirt Bhéal Feirste le Badenoch" (as ga-IE).