Joanne Hogg
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 20 haois An Baile Meánach |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceoltóir |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Ceol gutha |
Is amhránaí agus ceoltóir Éireannach í Joanne Hogg leis an mbanna Iona.
Rugadh Hogg i dTuaisceart Éireann. Tá cáil uirthi mar an phríomhamhránaí agus scríbhneoir amhrán sa ghrúpa Ceilteach/poip/raic, Iona (atá ainmnithe i ndiaidh Oileán Íona).
Is as clann ina bhfuil an-suim sa leigheas í agus mar sin, thosaigh sí féin ag traenáil chun a bheith ina dochtúir.
Chuaigh Hogg go dtí Béal Feirste chun staidéar a dhéanamh ar leigheas. Nuair a bhí sí sa tríú bhliain, chan sí in Ocáid Talann na nEalaíontóirí Críostaí agus tarraingíodh aird uirthi ansin. Chaith sí seal ag obair don eagraíocht, Youth for Christ, sa Danmhairg.
Thosaigh sí ag obair mar dhochtúir i mBéal Feirste. Ach sa bhliain 1988, tugadh cuireadh di grúpa ceoil, "Iona" a bhunú le Dave Fitzgerald agus Dave Bainbridge. D’éirigh sí as a post mar dhochtúir. Ó shin, tá Joanne ag canadh ar fud na Eorpa agus Mheiriceá Thuaidh.
Diosclista
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá a cuid dioscaí féin déanta ag Hogg chomh maith:
- Looking Into Light (1999)
- (Ceann eile le teacht go luath, sa bhliain 2006)
Usáideadh a glór sna cluichí ríomhaire Xenogears (don Sony Playstation) agus Xenosaga (don Sony Playstation 2).
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh Iona
- Beathaisnéis an ghrúpa Iona Curtha i gcartlann 2009-03-06 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |