Foras na Gaeilge
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gníomhaireacht rialtais rialálaí teanga |
Teanga oifigiúil | an Ghaeilge |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 2 Nollaig 1999 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | http://www.gaeilge.ie |
Is é Foras na Gaeilge an eagraíocht a bunaíodh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mí na Nollag, 1999, de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ghlac an eagraíocht seo cúraimí eagraíochtaí stáit i bPoblacht na hÉireann a bhí ann roimhe - Bord na Gaeilge, An Gúm (Foilsitheoirí) agus An Coiste Téarmaíochta (Forbairt Téarmaíochta) agus aistríodh na foirne agus a ngníomhaíochtaí ar fad chuig an gcomhlacht nua. De réir an Chomhaontaithe, tá Foras na Gaeilge freagrach as cur chun cinn na teanga i dTuaisceart na hÉireann freisin. Chomh maith leis sin, tá an Foras ann chun comhairle a thabhairt don dá rialtas, do chomhlachtaí agus do ghnáthdhaoine faoi chúrsaí Gaeilge.
Is iad seo a leanas freagrachtaí an Fhorais:
- an Ghaeilge a chur chun cinn;
- úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus sa scríbhneoireacht sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sa Phoblacht agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh éileamh cuí ann;
- comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus dheonach;
- tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá;
- taighde, feachtais tionscnaimh, agus caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin, a ghabháil de láimh;
- téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt;
- tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Dheireadh Fómhair 2012, thug an An Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (CATT) treoir d’Fhoras na Gaeilge dul i mbun chomhphlé leis an earnáil dheonach sa Phoblacht maidir le struchtúr úr maoinithe do na heagrais bunmhaoinithe. Le linn an chruinnithe nótáil na hAirí an dul chun cinn a bhí déanta go dtí seo ag Foras na Gaeilge i dtaca le forbairtí ar shamhail nua iomaíoch mhaoinithe.[1] Bhí comhairliúchán poiblí ar bun ag Foras na Gaeilge ag an am maidir leis an "tSamhail Nua Mhaoinithe" a bhí molta acu do na 19 eagrais Ghaeilge a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge.[2]
Iarradh ar an bhForas in 2013 cás gnó mionsonraithe a ullmhú chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna a bhí beartaithe mar chuid den struchtúr maoinithe úr agus plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, a thabharfaidh aird ar chur i gcrích an phróisis. Faoin "tSamhail Nua Mhaoinithe", bhí sé curtha in iúl go lom ag na heagrais nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú.[3]
Dhún an rialtas Fine Gael / Páirtí an Lucht Oibre CnG sa bhliain 2014, ag an am céanna ná an seirbhís nuachta Gaelport, srl.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Athbhreithniú ar mhaoiniú na nEagras" : d’fhreastail Carál Ní Chuilín, MLA, Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, Aire Stáit ar a bhfuil freagracht ar leith as Gnóthaí Gaeltachta agus Jonathan Bell, MLA, Aire Sóisearach, ar an gcruinniú.
- ↑ Is féidir an Communiqué iomlán ó chruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas a léamh thíos: Final Joint Communiqué (Irish) - LAN 1 (12) - 14 February 2012. http://www.niassembly.gov.uk/globalassets/documents/raise/deposited-papers/2012/dp962a.pdf
- ↑ gaelport.com nach maireann (14 Feabhra 2012). "Gaelport - An nuacht is déanai". augusta.rssing.com. Dáta rochtana: 2024-02-29.
- ↑ "Ní hé Acht na Gaeilge an chloch is mó ar a bpaidrín in aimsir seo na gciorruithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-08-29). Dáta rochtana: 2023-10-24.
- ↑ "Foras na Gaeilge" (ga-IE). Foras Na Gaeilge. Dáta rochtana: 2024-02-29.