An Bhreatnais
Cymraeg | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 724,000 |
Dúchasach do | an Bhreatain Bheag |
Stáit | an Ríocht Aontaithe agus an Airgintín |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Ceilteacha Ceiltis na nOileán teangacha Briotainice | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Bord na Breatnaise agus Coimisinéir na Breatnaise |
Leibhéal leochaileachta | 2 leochaileach |
Stair | history of the Welsh language (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | cy |
ISO 639-2 | cym |
ISO 639-3 | cym |
Glottolog | wels1247 |
Linguasphere | 50-ABA-a |
Ethnologue | cym |
ASCL | 1103 |
UNESCO | 425 |
IETF | cy |
Endangered languages | 10429 |
Ceann de theangacha oifigiúla na Breataine Bige is ea an Bhreatnais ar a dtugtar freisin an Chomraig,[1] Is í an ceann is láidre de na teangacha i gcraobh Bhreathnach na dteangacha Ceilteacha, ar a dtugtar freisin an chraobh P-Cheilteach.
Úsáid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2021 bhí 538,000 'cainteoir' Breatnaise ina gcónaí sa Bhreatain Bheag, 17.8% den daonra, i gcomparáid le 562,000 in 2011, nó 19%, de réir figiúirí daonáirimh de chuid Oifig Náisiúnta Staitisticí sa bhliain 2022 .[2]
Mar sin, tháinig laghdú idir 2011-2021 ar líon na gcainteoirí Breatnaise, go háirithe i measc na glúine óige, Bhí baint mhór ag an laghdú ar an líon daoine óga idir 3-15 bliain a labhraíonn an Bhreatnais leis an laghdú 24,000 duine ar líon na gcainteoirí idir 2011-2021.
Bhí laghdú ar líon na gcainteoirí Breatnaise sa deich mbliana roimhe sin, 2001-2011, chomh maith.[2]
Áiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá oideachas ar fáil tríd an mBreatnais i mbeagnach gach réimse. Is ábhar éigeantach í an Bhreatnais do gach dalta sa Bhreatain Bheag idir 5 agus 16 bliana d'aois i scoileanna poiblí.
Bíonn an Bhreatnais á craoladh ar chainéal teilifíse S4C agus ar an raidió sa Bhreatain Bheag.
De réir dealraimh, tá thart ar 5.000 cainteoir Breatnaise i gCúige Chubut de chuid Phatagóin na hAirgintíne.
Stádas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá roinnt cearta dlíthiúla ag lucht a labhartha, mar shampla an ceart cumarsáid a dhéanamh leis an rialtas i mBreatnais agus chun an teanga a úsáid sa chúirt agus sa Tionól Náisiúnta.
Chinn Rialtas na Breataine sa bhliain 2017 go gceadófaí úsáid na Breatnaise i ndíospóireachtaí parlaiminte.[3] Ar an 7 Feabhra 2018, labhraíodh an Bhreatnais le linn díospóireacht pharlaiminte i Westminster den chéad uair riamh. ag cruinniú de chuid Mhórchoiste na Breataine Bige. Roimhe seo ba i mBéarla amháin a bhíodh díospóireachtaí i dTeach na dTeachtaí, ach úsáidtear an tseanFhraincis chun dlíthe a rith i dTeach na dTiarnaí.
Sa bhliain 2024, tugadh a n-ainm Breatnaise go hoifigiúil ar an gcuid is mó de thoghcheantair an Senedd, an pharlaimint náisiúnta sa Bhreatain Bheag. Is ag an leagan aonteangach Breatnaise amháin atá stádas oifigiúil i gcás ceithre thoghcheantar déag de na sé cinn déag atá ann in 2026, an chéad toghchán eile.[4]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is teanga scríofa í ó 600 A. D., cé nach bhfuil lámhscríbhinní slán ón tréimhse sin. Tá traidisiún liteartha na Breatnaise gan bhriseadh go dtí an lá atá inniu ann.
Sampla den litríocht ná an Mabinogi, filíocht Bhreatnaise ón Meánaois agus is cuid é de stór litríochta na hEorpa.
Níl sé go hiomlán cinnte cén uair a tháinig na Ceiltigh is a dteanga(cha) siúd chuig na hoileáin seo, is é sin le rá Éire agus an Bhreatain.
Na Rómhánaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is eol go raibh na teangacha Breatnacha á labhairt thart faoin gcuid is mó d'oileán na Breataine faoin am gur bhain na Rómhánaigh amach an áit. Tharla athruithe móra le teacht na Rómhánach. Bhí go leor daoine dátheangach sa teangain Bhreatnach, mar a bhí san am, agus sa Laidin, go háirithe i ndeisceart na Breataine (an ceantar is mó a bhain le sibhialtacht na Róimhe, oirdheisceart na Breataine Bige san áireamh). Is dóigh gurbh í an Laidin teanga an riaracháin agus nach raibh sa Bhreatnais ach teanga labhartha amháin. Fuarthas focail go leor ar iasacht ón Laidin ach ní raibh tionchar na Laidine ar an teangain Bhreatnach chomh láidir is a bhí ar theangacha Ceilteacha na mór-roinne. Bhí greim Impireacht na Róimhe agus na Laidine ar an mBreatain beagán ní ba scaoilte, b'fhéidir, ná mar a bhí ar an nGaill, mar shampla. I ndiaidh imeacht na Rómhánach, laghdaíodh ar thionchar a gcuid teangan go dtí nár fágadh í ach mar theanga scríofa.
Ag an am céanna, bhí an teanga Bhreatnach ag athrú. I ndiaidh do na Rómhánaigh teacht ar an bhfód, chaill an seanteanga Bhreatnach a stádas mar theanga cheannaireachta i gcuid mhaith de chríocha na Breataine. Bhí leagan amach na teangan á dhíchobhsú ag an Laidin.
Luath-Bhreatnais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugtar Luath-Bhreatnais ar an gcineál Breatnaise a bhí ann ó thús dara leath na séú haoise (thart ar 550 A. D.) go dtí deireadh na hochtú haoise.
Tháinig an Chríostaíocht chun na Breataine le linn na tréimhse sin agus laghdaíodh údarás shagairt an tseanchreidimh agus an tionchar a bhí acu. B'iad sin a chaomhnaíodh na sean-nósanna lena n-áirítear na sean-chleachtais teangan. Le linn an ama seo, dealraíonn sé gur tharla athruithe sa teanga Bhreathnach ó thaobh gramadaí de agus forbairtí eile atá mar shaintréithe theanga na Breatnaise mar a labhraítear anois í. Mar gheall ar an easpa fhianaise scríofa, ní féidir a rá go cinnte cén uair a tharla na hathruithe teangeolaíochta seo. Cé gur síleadh tráth go raibh an Bhreatnais scartha ón mBriotáinis, mar shampla, faoin séú haois, is é meas na scoláirí anois nár theanga scoite a bhí inti go dtí go luath sa dara leath den aois sin.
Níl ach cúpla clochscríbhinn fágtha ón tréimhse sin, ach tá tagairt di i saothar Bhéid, "Historia ecclesiastica gentis Anglorum" (Stair Eaglasta na Sasanach) agus roinnt logainmneacha. Tá an sliocht Breatnaise ó lámhscríbhinn is sine dá bhfuil againn le fáil i "Llyfr Sant Chad" atá i seilbh Ardeaglais Chaerlwytgoed i Sasana. Is sliocht dlíthiúil atá ann.
Sean-Bhreatnais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugtar an tSean-Bhreatnais ar an gcineál Breatnaise a bhí ann idir an 9ú haois agus deireadh an 11ú haois. Tá breacscríbhinní i Sean-Bhreatnais ar cháipéisí Laidine ón tréimhse sin a tháinig slán.
Tá roinnt lámhscríbhinní ón 12ú haois ann freisin gur macasamhla iad de lámhscríbhinní ní ba shine nó gur taifid de bhéaloideas níos sine iad. Tugann na giotaí scríofa fianaise i dtaobh Breatnaise na linne sin ach tá an fhianaise seo débhríoch go leor. Ní thugann siad mórán leide i dtaobh fhuaimeanna na Breatnaise nó an é go bhfuil na fuaimeanna sin ag athrú.
Meán-Bhreatnais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugtar an Mheán-Bhreatnais ar an gcineál Breatnaise a bhí ann idir an 12ú agus an 14ú haois. Is ón tréimhse seo an Mabinogi. Bhí focail iasachta ag teacht isteach ón Laidin agus ón bhFraincis ag an am seo mar thoradh ar aistriúcháin.
I ndiaidh na tréimhse seo, tháinig athrú ar an teanga ó thaobh cháilliúint roinnt leaganacha de na briathra de agus roinnt réamhfhocal pearsanta.
Bíobla 1588
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Cadwaladr, Dilys; Jones, T. Hughes; Morgan, Huana; Powell, J. D.; Williams, J. J.; Williams, J. O. (1948). "Sgéalta ó'n gComraig" (as Gaeilge): 55. Oifig an tSoláthair.
- ↑ 2.0 2.1 Tuairisc (6 Nollaig 2022). "Laghdú tagtha le deich mbliana anuas ar líon na gcainteoirí Breatnaise" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-06.
- ↑ https://tuairisc.ie/la-stairiuil-don-bhreatnais-agus-a-husaid-ceadaithe-den-chead-uair-inniu-i-westminster/
- ↑ "Stádas oifigiúil tugtha do leaganacha Breatnaise d’ainmneacha toghcheantar nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-20). Dáta rochtana: 2024-12-21.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Lexicelt.org — foghlaim na Breatnaise trí mheán na Gaeilge, agus foghlaim na Gaeilge trí mheán na Breatnaise.
- Lexicelt: foclóir — foclóir Breatnais-Gaeilge.
- Foclóir Breatnais-Gaeilge Curtha i gcartlann 2019-11-01 ar an Wayback Machine
Breatnais do thosaitheoirí – sraith de 39 fiseáin le Rhisiart Hincks ar Youtube
- F1 Beannú
- F2 Litriú na Breatnaise
- F3 ‘Cad is ainm duit?’, ‘Cá bhfuil cónaí ort?’
- F4 Athbhreithniú, agus ‘An bhfuil cónaí oraibh in Albain?’
- F5 ‘An as an Deisceart do mháthair?’, ‘An bhfuil tú ag foghlaim Breatnaise?’
- F6 Teangacha agus turais
- F7 Saoire, Náisiúntacht agus Obair
- F8 Athbhreithniú ar cheachtanna F5, F6 agus F7
- F9 Rudaí a aimsiú... ‘Cá bhfuil’ + ainmfhocal cinnte
- F10 (a) Rudaí a aimsiú...‘Ca bhfuil’ + ainm éiginnte (b) Séimhiú
- F11 MAE sna ceisteanna Sut? Ble? Pryd? Am faint o’r gloch? Pam?
- F12 Athbhreithniú F9, F10 agus F11
- F13 ‘An bhfuil go leor ama agat le cupán tae a ól’
- F14 ‘Tá ocras orm’, ‘Táim ag iarraidh dul go dtí an Bhreatain Bheag’
- F15 Hoffi: ‘Ar mhaith criospaí?’ ... Angen: ‘Teastaíonn cabhair uaim.’
- F16 Breatnais do thosaitheoirí - Athbhreithniú F13, F14 agus F15
- ...
v · t · e Teangacha Ceilteacha | ||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Féach: Teangeolaíocht · Na Ceiltigh |