Jump to content

Björk

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBjörk

(2008) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(is) Björk Guðmundsdóttir Cuir in eagar ar Wikidata
21 Samhain 1965
58 bliana d'aois
Réicivíc, An Íoslainn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Teanga dhúchaisan Íoslainnis
Airde1.63 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht
Gairmcumadóir, scríbhneoir, amhránaí is scríbhneoir, cumadóir scóir scannáin, ceoltóir, file, léiritheoir ceirníní, cóiritheoir ceoil, ban-aisteoir, amhránaí, stiúrthóir scannán Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1977 –
Ball de
SeánraRac-cheol, rac malartach, ceol turgnamhach, ceol leictreonach, popcheol ealaine agus ceol avant-garde
Faoi thionchar
TeangachaAn Íoslainnis agus Béarla
Cineál guthaSoprán

UirlisUirlis mhéarchláir, fliúit, pianó, píborgán, cláirseach, sacsafón, clabhchorda, clairinéad, uirlisí saorfheaga, ceileiste agus ceol gutha
Lipéad ceoilOne Little Independent
Elektra Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileÞór Eldon (1986–1987) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíMatthew Barney (2000–2013) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteÍsadóra Bjarkardóttir Barney
 ( Matthew Barney) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGuðmundur Gunnarsson
Gradam a fuarthas
Ainmnithe do
Síniú

Suíomh gréasáinbjork.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0001951 Allocine: 33551 Rottentomatoes: celebrity/bjork Allmovie: p263499 Metacritic: person/bjork AFI: 287075
Facebook: bjork Twitter: bjork Instagram: bjork Youtube: UCFbRdRGijPR4oBjQ0fVCSmw Vimeo: bjorkdotcom Bandcamp: bjork Souncloud: bjork Spotify: 7w29UYBi0qsHi5RTcv3lmA iTunes: 295015 Last fm: Björk Musicbrainz: 87c5dedd-371d-4a53-9f7f-80522fb7f3cb Songkick: 492728 Discogs: 1373 Allmusic: mn0000769444 Deezer: 630 Cuir in eagar ar Wikidata

Amhránaí is scríbhneoir, cumadóir, léiritheoir ceoil agus aisteoir Íoslannach is ea Björk Guðmundsdóttir, a saolaíodh ar an 21 Samhain 1965. Tá clú uirthi as a guth sainiúil, as a raon gutha trí ochtach agus as an bpearsantacht mar éan corr a bhíonn aici go poiblí. D'fhorbair sí stíl eicléictiúil cheoil le linn a gairme a chlúdaíonn daichead bliain, agus a cuid inspioráide á fáil aici ón gceol leictreonach, pop, trip hap, clasaiceach agus avant-garde.

Is i Réicivíc a rugadh agus tógadh Björk, a chuaigh i mbun gairme mar cheoltóir nuair a bhí sí 11 bhliain d'aois. Bhí aitheantas idirnáisiúnta gnóthaithe aici cheana deich mbliana ina dhiaidh sin agus í ina príomhamhránaí sa bhanna rac-cheoil ailtéarnaigh, The Sugarcubes. Tar éis gur briseadh an banna ceoil suas in 1992, bhain Björk clú agus cáil amach mar cheoltóir aonair lena halbaim Debut (1993), Post (1995) agus Homogenic (1997), agus í ag comhoibriú le healaíontóirí ó réimse disciplíní agus seánraí fad a bhí baint aici le héagsúlacht tionscadail ilmheán. Tar éis na nóchaidí, chum sí na halbaim Vespertine (2001), Medúlla (2004), Volta (2007), Biophilia (2011), Vulnicura (2015), Utopia (2017) agus Fossora (2022).

D'éirigh le roinnt albam Björk dul chomh fada leis an 20 albam ar bharr chairteacha 200 Billboard sna SAM. Bhí 31 cheann dá singlí ar na 40 singil ar bharr na gcairteacha popcheoil ar fud an domhain agus 22 cheann ina measc a bhí ar na 40 cnagshingil sa RA, lena n-áiríodh "It's Oh So Quiet", "Army of Me" agus "Hyperballad", a bhí ar na 10 singil ab fhearr, agus "Play Dead", "Big Time Sensuality" agus "Violently Happy", a bhí ar na 20 ceann ab fhearr. I measc a cuid ardmholtaí agus duaiseanna tá gradam de chuid Order of the Falcon, cúig cinn de chuid BRIT Awards agus 16 ainmniúchán Grammy. In 2015 ainmníodh in iris Time í mar dhuine de na 100 duine a raibh an tionchar ba mhó ar domhan. Luaigh Rolling Stone in 2023 gurb í an 64ú hamhránaí ab fhearr agus an 81ú cumadóir amhrán ab fhearr riamh.

Rinne Björk an phríomhpháirt in Dancer in the Dark, scannán a stiúir Lars von Trier in 2000. Fuair sí duais "An Ban-aisteoir is Fearr" ag Féile Scannán Cannes dá bharr, mar aon le hainmniúchán dhuais "An tAmhrán Bunaidh is Fearr" ag Gradaim an Acadaimh lena hamhrán "I've Seen It All". Ina theannta sin, bíonn Björk ag labhairt ar son cúiseanna timpeallachta san Íoslainn. Tiomnaíodh taispeántas iardhearcach do Björk ag Iarsmalann na Nua-Ealaíne (MoMA) i Nua-Eabhrac in 2015.