Béal Feirste Thoir (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe)
Béal Feirste Thoir | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 95,193 (2017) | |||
• Dlús | 1,721.55 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 55.295 km² | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 15 Samhain 1922 |
Is toghcheantar i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe é Béal Feirste Thoir. Cruthaíodh sa bhliain 1922 é.
Torthaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 2010idí agus 2020idí, bhí iomaíocht láidir ann idir Gavin Robinson DUP agus Naomi Long (ceannaire Pháirtí na Comhguaillíochta).
Bhí Long ina feisire ó 2010 go 2015 tar éis an suíochán a bhaint de cheannaire an DUP ag an am, Peter Robinson. B’in 2010 uair dheiridh ar sheas an TUV ansin do Westminster: ghnóthaigh Naomi Long an suíochán d’Alliance le farasbarr 1,533 vóta; bhí 1,856 vóta ag TUV.
Fuair Gavin Robinson an ceann is fearr uirthi in 2015, 2017, 2019 agus arís in 2024. 1,800 d’fharasbarr a bhí ag Gavin Robinson ar Naomi Long in 2019.[1][2]
2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2024, mar bharr ar an gcroitheadh atá bainte ag scannal Donaldson as an bpáirtí agus an pobal, bhí an DUP faoi ionsaí ag an TUV a chuir feall agus mí-ionracas ina leith i dtaca leis an socrú iarBhreatimeachta. Chuir an DUP deireadh lena mbaghcat ar Stormont in 2024, ag rá go raibh an teorainn i Muir Éireann cealaithe; ní raibh. Nuair a tháinig Gavin Robinson i gceannas dúirt sé nach raibh an aidhm sin bainte amach fós ach go raibh dul chun cinn déanta. Sheas Ryan Warren don UUP agus John Ross don TUV. Bhí tacaíocht ag Lon ó Shinn Féin ; sheas Sinn Féin i leataobh ar mhaithe léi ach sheas an Comhairleoir Séamas de Faoite, SDLP agus Brian Smyth, Comhaontas Glas. Sa dheireadh, atoghadh Robinson mar MP.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ní raibh ach iarrthóir amháin eile sa rás an t-am sin, Carl McClean an UUP a fuair 2,516 vóta; bhí 20,874 ag Robinson agus 19,055 ag Long.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (30 Meitheamh 2024). "Gavin Robinson agus an DUP faoi dhianbhrú i mBéal Feirste Thoir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-07.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (3 Iúil 2024). "Uair na cinniúna do cheannairí an Tuaiscirt" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-06.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |