Comhphobal Mhaidrid
Comhphobal Mhaidrid | |||||
---|---|---|---|---|---|
Comunidad de Madrid (es) | |||||
|
|||||
Aintiún | Himno de la Comunidad de Madrid | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Príomhchathair | Maidrid | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 7,000,621 (2023) | ||||
• Dlús | 872.03 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 8,028 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Tagus, Jarama, Abhainn Guadarrama, Manzanares, Lozoya, Abhainn Henares agus Tajuña | ||||
Airde | 678 m | ||||
Pointe is airde | Peñalara (en) (2,430 m) | ||||
Pointe is ísle | Abhainn Tagus (470 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1983 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Phobal Mhaidrid | ||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól Mhaidrid | ||||
• President of the Community of Madrid (en) | Isabel Díaz Ayuso (2019–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | ES-MD | ||||
Cód NUTS | ES30 | ||||
INE municipality code (en) | 28 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | madrid.org |
Is comhphobal féinrialaitheach é Comhphobal Mhaidrid (Spáinnis: Comunidad de Madrid) atá suite i lár na Spáinne. Tá cathair Mhaidrid suite ann, agus is í príomhchathair an chomhphobail agus na tíre go léir í.
Tá teorainn aici leis na comhphobail Castilla y León (na cúigí Ávila agus Segovia) agus Castilla-La Mancha (na cúigí Guadalajara, Cuenca, agus Toledo).
Tá cónaí ar dhuine as gach beirt de mhuintir an chomhphobail i Maidrid, ach thairis sin, tá bailte tábhachtacha eile ansin, ar nós Alcalá de Henares, Torrejón de Ardoz, Coslada, Getafe, Móstoles, San Lorenzo de El Escorial, Navalcarnero agus Aranjuez. Tá 179 bardais sa chomhphobal.
Nuair a bhí Francisco Franco i gceannas ar an Spáinn, glacadh leis gur cuid den Chaistíl a bhí i Maidrid, ach nuair a tháinig córas nua na gcomhphobal féinrialaitheach i bhfeidhm, rinneadh comhphobal ann féin de Mhaidrid, ós rud é go raibh Maidrid agus an chuid eile den Chaistíl-La Mancha an-difriúil le chéile ó thaobh na heacnamaíochta de.
Tíreolas
[cuir in eagar | athraigh foinse]In ainneoin daonra ard an chomhphobail, tá go leor den réigiúin fós gan mhilleadh le raon mór tír dhreach agus gnáthóga. Tá sléibhte sa chomhphobal chomh aird le 2,000 m chomh maith lé mánanna íseal. Is é an Sliabhroan de Guadarrama sliabhraon tábhachtach in iarthuaisceart an réigiúin agus é mar chuid den Sistema Central, na sliabhraon a thagann le chéile thart ar lár leithinis na hIbéire. Tagann an sliabhraon ó chúige Ávila san iardheisceart tríd an gcomhphobal agus ar aghaidh go cúige Segovia san oirthuaisceart. Tá sé thart ar 80 ciliméadar ar fad. Is í Peñalara an sliabh is airde ag 2,428 méadar ar airde. Tá cathair mhaidrid é féin sách ard mar phríomhchathair chomh maith. Tá an sliabhraon an-gharr do Mhaidrid agus mar sin bíonn neart turasóirí agus cuairteoirí ag teacht ann le haghaidh spóirt gheimhridh éagsúla, mar shampla skíáil. Bíonn tionnchar ag na heachtraí seo ar timpeallacht agus gnáthóige na sléibhte. Tá El Escorial suite sa sliabhraon seo.
Aeráid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá aeráid te-samhraidh na meánmhura le fáil i Maidrid le geimhrí fuara. Bíonn samhraidh an-te ann le teocht chomh hard le 30°C i mí Iúil agus fiú 40 °C uaireanta, i rith an gheimhridh bíonn teochtanna thart ar 0°C nó faoin reophointe. De bharr airde Mhaidrid agus an aeráid tirim bíonn na hoíchí ar an meán fuair go leor.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Réamhstair agus Ríocht Viseagotaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach Na Viseagotaigh
Al-Andalus
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach Al Andalus
Filleadh na gCríostaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maidrid mar Phríomhchathair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Stádas mar Chúige agus Chomhphobal Féinrialaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]An lá atá inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Madrid Móstoles | ||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
# | Bardas | Daonra | # | Bardas | Daonra |
Fuenlabrada Alcalá de Henares | ||||
1 | Madrid | 3,182,981 | 11 | Las Rozas | 95,071 | |||||
2 | Móstoles | 206,589 | 12 | San Sebastián de los Reyes | 86,707 | |||||
3 | Fuenlabrada | 194,669 | 13 | Pozuelo de Alarcón | 85,605 | |||||
4 | Alcalá de Henares | 194,310 | 14 | Rivas-Vaciamadrid | 83,767 | |||||
5 | Leganés | 187,720 | 15 | Coslada | 83,011 | |||||
6 | Getafe | 178,288 | 16 | Valdemoro | 73,976 | |||||
7 | Alcorcón | 168,141 | 17 | Majadahonda | 71,299 | |||||
8 | Torrejón de Ardoz | 128,013 | 18 | Collado Villalba | 62,152 | |||||
9 | Parla | 125,898 | 19 | Aranjuez | 58,213 | |||||
10 | Alcobendas | 114,864 | 20 | Arganda del Rey | 53,821 | |||||
Is é Comhphobal Mhaidrid an tríú comhphobal is mó sa Spáinn de réir daonra agus an cúige is mó ar ndóigh. Tá 6,587,711 ina gcónaí ann ón mbliain 2018 agus is cosúil go bhfuil daonra na cathrach ag dul i méid. Tá dlús daonra 820.59 aige i bhfad níos airde na meán na tíre. Ar ndóigh tá formhór muintir an chomhphobail ina gcónaí sa phríomhchathair agus san mórcheantar uirbeach agus é ar an mórcheantar is mó sa tí. Ar ndóigh tá réimse mór i dtaobh cúlra muintir na cathrach le 13.32% daoine ag teacht ó thar lear (an céadatán is mó sa tír) agus tá go leor imirce ann ar chúiseanna fostaíocht.
Don chuid is mó ba Caitlicigh iad muintir an réigiúin le mionlach Iúdach agus Moslamach.
Is é Comhphobal Mhaidrid an réigiúin leis an meán is airde san Aontas Eorpach ó thaobh ionchas saoil de. Is 82.2 saolré na bhfear agus 87.8 saolré na mban (2016).
Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar ndóigh is é sacair an spórt is mó tóir air sa réigiún le clú agus cáil ar na clubanna sacair ón réigiúin. Is é Real Madrid an club sacair is cáiliúla sa tír chomh maith le Barcelona. Ach tá clú agus cáil bainte amach ag Atlético de Madrid le blianta anuas agus iad mar churaidh san Europa League agus iad ag imirt gcluiche cheannais Sraith na Seaimpíní. Chomh maith leo siúd tá Getafe, Rayo Vallecano, agus Leganés ag imirt faoi láthair sa Sraith La Liga ag imirt sa dara sraith.
Mar aon le neart príomhchathracha eile san Eoraip tá Cumann Lúthchleas Ghaeil ann chomh maith; Madrid Harps.[1] Is iad cispheil agus liathróid láimhe na spóirt eile le tóir orthu sa réigiún.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]