Jump to content

Súmaire cladaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Taxobox Inveirteabrach mara ispínchruthach le colainn bhog is ea an súmaire cladaigh. An béal ag ceann amháin, timpeallaithe ag suas le 30 adharcán, an t-anas ag an gceann eile. An craiceann leathrúil le struchtúir bheaga chnámhacha ann (cnáimhíní).

Is ainmhí é a mhaireann ar ghrinneall na farraige nó gar dó, ó uisce tanaí cois cladaigh go dtí doimhneacht na farraige. Bíonn corp fada aige atá mar a bheadh ispín ann de ghnáth. Tá breis agus 1,000 speiceas díobh ar fud an domhain. Ag brath ar an speiceas atá i gceist bíonn siad chomh gearr le 2.5 cm nó chomh fada le 1 mhéadar ar fad! Craiceann tiubh righin a bhíonn ar an súmaire. Faoi mar a bhíonn ar an gcrosóg mhara tá béal, anas agus braiteoga air. Fásann féasóg de bhraiteoga timpeall a bhéil a úsáideann sé chun bia a scagadh amach as an sáile. Úsáideann an súmaire cladaigh braiteoga eile ar a dtugtar tiúbchosa agus é ag gabháil timpeall ar an ngrinneall. Tá greamáin súcháin ar na braiteoga a chuidíonn leis greim a fháil ar rudaí. Téann neart creachadóirí11 sa tóir ar an súmaire cladaigh – portáin, éisc agus turtair mhara13 ina measc, gan trácht ar dhaoine. Chun iad féin a chosaint sceitheann14 súmairí áirithe snáithíní greamaitheacha15 amach as an anas. Nuair a théann an creachadóir i bhfostú sna snáithíní16 sin bíonn seans ag an súmaire éalú leis chomh tapa agus is féidir.[1]

  1. Líon an Dúlra, Eagrán 32, Samhradh 2020, Lth 8.