Bhí na toghcháin Eorpacha in 2024 ar siúl ón Déardaoin go dtí an Domhnach, an 6-9 Meitheamh.
Chaith na milliúin daoine ar fud an Aontais Eorpaigh a vóta chun a roghnú cé a dhéanfaidh ionadaíocht orthu i bParlaimint na hEorpa, an t-aon tionól trasnáisiúnta ar domhan a thoghtar go díreach.
Cad é a tharlóidh tar éis na dtoghchán?
Sna seachtainí agus sna míonna i ndiaidh na dtoghchán, toghfaidh na Feisirí nuathofa de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) a gceannairí nua agus atosóidh siad an obair ar reachtaíocht nár críochnaíodh le linn théarma 2019-2024.
Caithfidh FPEnna vóta freisin chun Uachtarán nua an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh, bunaithe ar mholadh ó cheannairí thíortha an Aontais, agus formheasann siad Coláiste na gCoimisinéirí ina iomláine. Is í an Chomhairle Eorpach a cheapann an Coimisiún Eorpach nua ansin.
Féach torthaí na dtoghchán Eorpach in 2024 agus na dtoghchán Eorpach a bhí ann roimhe seo
Toghcháin agus ceapacháin le haghaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh
Faigh amach faoin méid a tharlaíonn tar éis toghcháin
Cad é a chinntear le do vóta?
Reáchtáiltear na toghcháin Eorpacha gach cúig bliana chun Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh. Déanann na hionadaithe sin ionadaíocht ar do leasanna agus is féidir leo reachtaíocht nua de chuid an Aontais a mhúnlú agus cinneadh a dhéanamh ina leith. Vótálann siad freisin ar chomhaontuithe trádála nua, déanann siad grinnscrúdú ar institiúidí an Aontais agus ar an dóigh a gcaitear airgead na gcáiníocóirí.
Faigh amach faoi chistí an Aontais i do réigiún féin agus faoin gcaoi a gcuireann an tAontas feabhas ar do shaol
An dul chun cinn atá déanta maidir le príomhthosaíochtaí an Aontais ó 2019 i leith
Tá treoir agus spriocanna an Aontais á bplé ag ceannairí an Aontais le haghaidh na gcúig bliana amach romhainn.
An fáth a bhfuil tábhacht le vóta a chaitheamh
Reáchtáil Parlaimint na hEorpa feachtas eolais don phobal dar teideal ‘Bain úsáid as do vóta nó déanfaidh daoine eile cinneadh ar do shon’ chun daoine a spreagadh le vóta a chaitheamh.
San Aontas Eorpach sa lá atá inniu ann, b’fhéidir go bhfuil an chosúlacht ann gurb é an daonlathas an rogha is follasaí. Ach ní raibh sé sin amhlaidh i gcónaí. Is bronntanas luachmhar é an daonlathas a tugadh dúinn ó na glúine a chuaigh romhainn.
Is fúinne atá sé anois é a chothabháil, é a dhéanamh níos láidre agus é a chur ar aghaidh chuig na glúine atá le teacht. Is é an bealach is éifeachtaí chun é sin a dhéanamh ná trí vótáil - óir dá mhéad daoine a chaitheann vóta, is ea is láidre an daonlathas.