Ag foghlaim san Eoraip
Is iomaí féidearthacht atá ann chun staidéar a dhéanamh, tabhairt faoi oiliúint agus deiseanna foghlama nua a aimsiú ar fud na hEorpa. Is féidir le Europass cabhrú leat do chuid foghlama a phleanáil agus an deis cheart a aimsiú le do scileanna a fhorbairt.
Tóg an chéad chéim eile le Europass
Is tacar saor in aisce d’uirlisí ar líne é Europass a chuidíonn leat do ghairm agus do chuid staidéir a bhainistiú ar feadh do shaoil. Le Europass is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Taifead pearsanta a chruthú de do chuid scileanna, cáilíochtaí agus taithí go léir
- Machnamh a dhéanamh ar do chuid scileanna chun tuiscint a fháil ar do riachtanais agus an méid is spéis leat
- Moltaí pearsantaithe a fháil maidir le cúrsaí
- Iarratais a ullmhú agus súil a choinneáil orthu, CVanna saincheaptha a dhearadh agus litreacha cumhdaigh a chumadh le haghaidh cúrsaí agus staidéir éagsúla
- Do dhoiciméid agus comhaid go léir a stóráil in aon áit shlán amháin
Cláraigh agus cruthaigh do phróifíl Europass chun eolas a fháil faoin mbealach ar féidir le Europass cabhrú leat.
An chéad chéim eile i do ghairmréim a thógáil le Europass
Tá uirlisí eile ann mar chuid de Europass, uirlisí a chuidíonn leat do scileanna a chur in iúl go soiléir ar fud an Aontais:
- Tugann an Forlíonadh Dioplóma eolas úsáideach duit faoi do dhioplóma ardoideachais (e.g. gráid, gnóthachtálacha, institiúidí) chun cuidiú leat agus tú ag déanamh iarratais ar chúrsaí agus poist nua.
- Tugann Forlíonadh Teastais Europass eolas úsáideach duit faoi do cháilíochtaí gairmoideachais (e.g. gráid, gnóthachtálacha, institiúidí) chun cuidiú leat agus tú ag déanamh iarratais ar chúrsaí agus poist nua.
- Cabhraíonn Soghluaisteacht Europass leat cur síos a dhéanamh ar do thaithí idirnáisiúnta agus na scileanna a d’fhorbair tú agus tú ag staidéar, ag obair nó ag déanamh obair dheonach i dtír eile.