Beartas maidir le fianáin 

Chun ár ndualgais a chomhlíonadh i leith shaoránaigh AE, cuirimid fianáin áirithe ar do ghléas. Is éard is fianán ann píosa beag sonraí a stórálann suíomh gréasáin ar ghléas an chuairteora chun eispéireas na nascleanúna a fheabhsú. Cuirimid i gcomhréir iomlán iad le Treoir 2002/58/CE lena gcinntear, in éineacht le Rialachán (AE) 2018/1725, na rialacha maidir le fianáin a úsáid lena bpróiseáiltear sonraí pearsanta ó úsáideoirí deiridh laistigh den Aontas.


Because you de-activated javascript in your browser, the European Parliament does not add any analytical cookie on your device. If you change your mind and accept to be tracked by the European Parliament, please activate javascript in your browser and refresh your cache.

Cad a chumhdaítear leis an mbeartas fianán seo?

Clúdaíonn an beartas seo maidir le fianáin na suíomhanna gréasáin a fhoilsímid agus a chuirimid ar fáil ar an idirlíon faoin bhfearann europarl.europa.eu agus faoina fhofhearainn.

Ní bhaineann sé le suíomhanna gréasáin ar bith a fhoilsítear faoi fhearann seachas europarl.europa.eu. Ní mór beartas agus fardal fianáin dá gcuid féin a bheith ag gach suíomh gréasáin ‘seachtrach’.

Cad iad na cineálacha fianán a úsáidimid?

Bainimid úsáid as fianáin le haghaidh fheidhmiú teicniúil na suíomhanna gréasáin a bhfuilimid freagrach astu agus, má thoilíonn tú leis, chun faisnéis a bhailiú faoi d’eispéireas brabhsála ar ár suíomhanna gréasáin le haghaidh staitisticí comhiomlánaithe, d’fhonn feabhas a chur ar ár gcumarsáid agus ar na seirbhísí a dhéanaimid a thairiscint.

Is é an beartas atá againn ná na fianáin a stórálaimid ar do ghléas a theorannú a mhéid is féidir. Mura bhfuil an fianán riachtanach, ní stórálaimid é.

Bainimid úsáid as cineálacha éagsúla fianán atá beartaithe chun críoch éagsúil.

Fianáin theicniúla agus seisiúin

Tá na fianáin theicniúla agus seisiúin a d’fhéadfaimis a stóráil riachtanach chun go bhfeidhmeoidh ár suíomhanna gréasáin i gceart, mar sin meastar go bhfuil siad éigeantach. Suiteálaimid iad trí réamhshocrú ar do ghléas.

Fianáin sainroghanna

Bainistítrear dhá ghné leis na na fianáin sainroghanna a d’fhéadfaimis a stóráil:

  • do rogha teanga (atá úsáideach, ós rud é go bhfuil an chuid is mó dár suíomhanna gréasáin i 24 theanga);
  • do thoiliú, nó gan do thoiliú, rianú a dhéanamh ort, lenár n-uirlis anailísíochta gréasáin.

Fianáin anailísíochta

Tá sé mar aidhm ag na fianáin anailísíochta a d’fhéadfaimis a stóráil ar do ghléas faisnéis staitistiúil a bhailiú faoin gcaoi a n-úsáidtear ár suíomhanna gréasáin. Tá na fianáin sin roghnach.

Tá liosta na bhfianán a d’fhéadfaimis a stóráil ar fáil ar ár leathanach fardail fianáin.

Cad air a ndíríonn ár bhfianáin anailísíochta?

Tá uirlis Anailísíochta Gréasáin AT Internet (cuideachta Piano) roghnaithe againn chun faireachán a dhéanamh ar do nascleanúint agus chun feabhas a chur ar cháilíocht do thaithí bhrabhsála. Cabhraíonn an uirlis sin linn tuarascálacha staidrimh comhiomlánaithe agus anaithnide a ullmhú.

Tá an uirlis seo cumraithe againn chun bailiú sonraí pearsanta ár n-úsáideoirí a theorannú a mhéid is féidir. Mar shampla, tá dí-shainaithint seoltaí IP curtha chun feidhme againn tríd an ochtréad deiridh (na trí dhigit dheireanacha) de sheoltaí IP gach cuairteora (prótacal idirlín) a cheilt go huathoibríoch, rud a fhágann nach féidir aon chuairteoir faoi leith ó Pharlaimint na hEorpa a shainaithint trína seoltaí IP.

Bainimid úsáid as na fianáin atá stóráilte ar do ghléas chun an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú:

  • Seoladh IP (anaithnidithe)
  • Foinsí (cineálacha, feachtais, fearainn, etc.)
  • Inneachar arna bhreathnú (teideal an leathanaigh, socruithe leathanaigh eagarthóireachta, ród na leathanach, URL agus URL canónta, teanga, etc.)
  • Geoshuíomh (tír, réigiún, baile)
  • Próifílí teicniúla (gléasanna, córas oibriúcháin, brabhsálaithe, méid scáileán an úsáideora, etc.)
  • Tréimhsí (dáta agus am na cuairte ar an suíomh, amchrios an úsáideora)
  • Cuardach suímh
  • Teagmhais (cliceanna ar ár n-inneachar, ar chnaipí gníomhaíochta, etc.)
  • Comhaid ar cliceáladh orthu agus a íoslódáladh
  • Fearainn (naisc chuig suíomh gréasáin seachtrach, suíomh gréasáin tagróra).

Tá liosta dár bhfianáin anailísíochta ar fáil ar ár leathanach fardail fianán.

Féadfaidh tú freisin féachaint ar fhógra ár n-uirlise anailísíochta gréasáin in ár gClár um Chosaint Sonraí.

Conas is féidir leat glacadh lenár bhfianáin anailísíochta nó iad a dhiúltú?

Féadfaidh tú glacadh lenár bhfianáin anailísíochta nó iad a dhiúltú tríd an meirge toilithe a thaispeántar ag bun an leathanaigh ar ár suíomhanna gréasáin, nó tríd an ngiuirléid a mholtar ar bharr an leathanaigh seo.

Ní stórálaimid fianáin anailísíochta gan cead a fháil uait roimh ré.

Má chinneann tú gan do chomhaontú a chur in iúl, trí neamhaird a dhéanamh den cheist, ní dhéanfaimid aon fhianán a stóráil.

Má athraíonn tú d’intinn ina dhiaidh sin, is féidir leat do chéad roghnúchán a athrú tríd an ngiuirléid atá ar fáil anseo thuas.

Más fearr leat gan rianú a dhéanamh i do leith, is féidir leat an fheidhm ‘ná rianaigh’ (DNT) a ghníomhachtú sna bhrabhsálaithe go léir. Is féidir leat é a ghníomhachtú trí ‘Socruithe’ a rochtain.

An nochtar d’fhianáin tríú páirtí duit agus tú ag nascleanúint ar ár suíomhanna gréasáin?

D’fhéadfadh naisc chuig suíomhanna gréasáin eile a bheith ar ár suíomhanna gréasáin lena bhfianáin féin agus lena mbeartais phríobháideachais nach bhfuil aon smacht againn orthu. Molaimid duit an beartas fianán, an beartas príobháideachais agus téarmaí agus coinníollacha an tsuímh gréasáin lena mbaineann a léamh sula ndéantar é a lódáil.

Cad í an reachtaíocht ábhartha?

Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 31 Iúil 2002.

Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 21 Samhain 2018.

Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2019 maidir leis na rialacha chur chun feidhme a bhaineann le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag Institiúidí, Comhlachtaí, Oifigí agus Gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE.