Ag tacú leis an daonlathas ar fud an domhain 

Sudan 

Tacaíonn Parlaimint na hEorpa leis an daonlathas ar fud an domhain.

Tá sé mar phríomhfhreagracht ag Parlaimint na hEorpa, mar a leagtar amach i gconarthaí bunaidh AE, tacú go gníomhach le hiarrachtaí idirnáisiúnta chun an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn.

Tá an obair sin chun sochair do shaoránaigh AE freisin, a ndéantar a suíomh sa bhaile a neartú trí bhíthin domhan atá níos cothroime agus níos cobhsaí.

Grúpa tiomanta

grúpa tiomanta d'Fheisirícurtha ar bun ag Parlaimint na hEorpa a dhéanann maoirseacht ar an obair a dhéanann an Pharlaimintmaidir leis an daonlathas lasmuigh de theorainneacha an Aontais.

Déanann an grúpa sin, lena n-áirítear cathaoirligh roinnt coistí ábhartha, a áirithiú go mbíonn iarrachtaí a chomhghleacaithe comhleanúnach agus éifeachtach.

Breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin

Ar an ábhar go ndéanann toghcháin daonlathais a thógáil agus go méadaíonn siad muinín an phobail in institiúidí, tá Parlaimint na hEorpa tiomanta do thacú le toghcháin atá saor agus cothrom.

Tá an Pharlaimint ag déanamh breathnóireachta ar thoghcháin i dtíortha lasmuigh den Aontas le breis agus 30 bliain. Tá taisteal go dtí tíortha éagsúla ar fud an domhain déanta ag os cionn 170 toscaireacht bhreathnóireachta ghearrthéarmacha.

Le roinnt mhaith de na tascanna breathnóireachta sin, déantar tionscnaimh bhreathnóireachta fhadtéarmacha a eagraíonn AE agus an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip a threisiú.

Nuair a bhíonn Feisirírannpháirteach san iarracht, tugann siad eolas óna dtaithí féin leo maidir le feachtais pholaitiúla agus próisis toghacháin. Cuireann an méid sin inchreidteacht  – agus infheictheacht – leis an meastóireacht dheiridh.

Eadráin a dhéanamh agus idirphlé a spreagadh

Tá AE ag obair chun cosc a chur le coinbhleachtaí sula dtarlaíonn siad, chun idirghabháil a dhéanamh nuair a théann géarchéimeanna in olcas agus chun tacú leis an tsíochán agus leis an daonlathas i ndiaidh do choinbhleachtaí a shíothlú.

Rannchuidíonn na Feisirí leis an iarracht sin trí

  • eadráin a dhéanamh idir comhaltaí de pharlaimintí eachtracha,
  • cuidiú le páirtithe polaitiúla chun coinbhleachtaí a chosc,
  • idirphlé idirpháirtí a chur chun cinn agus comhthoil a fhorbairt,
  • imeachtaí idirnáisiúnta a eagrú atá dírithe ar idirghabháil agus ar choinbhleacht a chosc.

Parlaimintí eile a dhaingniú

Saothraíonn Parlaimint na hEorpa cláir do pharlaimintí agus do pharlaiminteoirí ar fud an domhain.

Le cláir thacaíochta, dírítear aird ar limistéar comharsanachta an Aontais agus ar thíortha áirithe san Afraic, san Áise agus i Meiriceá Laidineach – agus ar pharlaimintí réigiúnacha.

Is é is aidhm do na cláir

  • príomhfheidhmeanna na bparlaimintí a neartú – ionadaíocht a dhéanamh do shaoránaigh, maoirseacht a dhéanamh ar rialtas agus ar reachtóireacht,
  • institiúidí parlaiminteacha a athchóiriú,
  • na cleachtais pharlaiminteacha is fearr a roinnt.

Téann Parlaimint na hEorpa i dteagmháil freisin leis na glúnta d’ionadaithe tofa atá le teacht.

Aird a dhíriú ar oirdheisceart na hEorpa

Tá clár sonrach ag Parlaimint na hEorpa maidir le parlaimint na Tuirce agus parlaimintí na mBalcán Thiar (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, An Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia agus an Chosaiv).

Trí pharlaimintí náisiúnta an réigiúin a neartú agus comhar a spreagadh eatarthu, déantar an daonlathas a chur chun cinn sa réigiún. Tá ról aige sin freisin maidir le próiseas méadaithe an Aontais Eorpaigh, lena gceanglaítear ar thíortha a théann isteach in AE institiúidí daonlathacha láidre a bheith acu.

Baineann teachtaí Parlaiminte áitiúla agus státseirbhísigh tairbhe as cláir Pharlaimint na hEorpa.