Romaigh
![]() | |
Cineál | grúpa eitneach agus lucht siúil san Eoraip |
---|---|
Daonra iomlán | 4,373,000 ![]() |
Teanga | an Romainis, Domari (en) ![]() ![]() |
Creideamh | an Chríostaíocht, Ioslam, an Búdachas agus an Giúdachas |
Eapainm | Arameans (en) ![]() |
Is grúpa eitneach Eorpach iad na Romaigh. Is í an Romainis a bpríomhtheanga.
Léiríonn an fhianaise theangeolaíoch agus ghéiniteach gur ó fhó-ilchríoch na hIndia a tháinig na Romaigh ar dtús. Tá siad scaipthe ar fud na hEorpa agus iarthar na hÁise anois ó d'imigh siad siar thart ar an 14ú haois, agus rinne cuid acu imirce go Críocha Mheiriceá ón 19ú haois i leith. (Cé go meastar go bhfuil 619,007–1,850,000 Romach ina gcónaí sa Rómáin, an dara dhaonra is mó díobh san Eoraip, ní ón tír sin a thagas a n-ainm).
Is minic a dhéantar na Romaigh a mheascadh suas le lucht siúil na hÉireann agus leis an bpobal Iéineach, grúpaí eitneacha atá éagsúil leis na Romaigh.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/97/Bundesarchiv_Bild_183-J0525-0500-003%2C_Rheinland%2C_Sinti_und_Roma_mit_Wohnwagen_auf_Landstra%C3%9Fe.jpg/250px-Bundesarchiv_Bild_183-J0525-0500-003%2C_Rheinland%2C_Sinti_und_Roma_mit_Wohnwagen_auf_Landstra%C3%9Fe.jpg)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/9f/Romani_population_average_estimate.png/250px-Romani_population_average_estimate.png)
Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rom an focal ar "fear céile" sa teanga Romainise, agus úsáidtear é, agus an leagan iolra, Roma, go forleathan anois le cur síos a dhéanamh ar an gcine ar fad.
Géarleanúint[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar cheann de na géarleanúintí ba mhó a dhéantaí in aghaidh na Romach ná sclábhaithe a dhéanamh díobh, agus níor saoradh cuid díobh sa gceantar ina bhfuil an Rómáin anois go dtí an 19ú haois. Nuair a thosaíodar á scaipeadh féin ar fud na hEorpa sa 15ú haois go háirithe, measadh gur spiairí de chuid na nOtamánach a bhí iontu. Déanadh iarrachtaí glanadh eitneach a dhéanamh orthu go dtí le fíordhéanaí. Mar shampla, tharla "Locadh Mór na Romach" sa Spáinn i 1749, agus maraíodh idir 250,000 agus 1.5 milliún díobh san Uileloscadh.