Renée Claude
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Iúil 1939 Montréal, Quebec |
Bás | 12 Bealtaine 2020 80 bliana d'aois Montréal, Quebec |
Siocair bháis | COVID-19 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir |
Tréimhse oibre | 1959 – |
Seánra | Bailéad |
Uirlis | Ceol gutha |
Lipéad ceoil | London Recordings |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | reneeclaude.com |
|
Amhránaí agus aisteoir ó Québec ba ea Renée Claude (1939–2020). Bhain sí leas as saothar chumadóirí a linne, cé nár chumadóir í féin. Is beag aithne atá uirthi sa Fhrainc, ach bhí tionchar mór aici ar amhránaithe in Québec. Bhí sí i mbarr a réime sna 1970í agus cuma dhána mhealltach uirthi a chuir spiorad na saoirse agus an fheimineachais in iúl. Bhí sí ar an gcéad amhránaí dá leithéid a bhain amach barr an liosta le hábhar áitiúil seachas le haistriúcháin ar amhráin Mheiriceánacha mar ghnách ag an am.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh í mar Renée Bélanger in Montréal ar 3 Iúil 1939. D’fhoghlaim sí amhránaíocht, aisteoireacht agus conas seinm ar an bpianó, agus i 1955, nuair nach raibh sí ach sé bliana déag d’aois, ghnóthaigh sí duais amhránaíochta ar chlár raidió in Verdun, Montréal.
Bhí sí le feiceáil ar an teilifís i 1960, agus chuaigh i mbun amhránaíochta in La Boîte à chansons in Québec. Ar dtús bhain sí feidhm as amhráin Fhrancacha, fearacht shaothar Jacques Brel, ach ba ghearr gur thosaigh sí ag baint tairbhe as saothar na gcumadóirí áitiúla.
I 1963 rinne sí conradh le Sélect, comhlacht taifeadta, agus d’eisigh a céad albam. Tháinig an dara halbam amach an bhliain dár gcionn. Ghnóthaigh sí a lán duaiseanna, agus ó 1965 i leith tá duais á dtairiscint faoina hainm don amhránaí is fearr i mbliain áirithe.
I 1967 d’aistrigh sí go dtí Columbia agus thaifead an t-amhrán ba mhó a tharraing clú uirthi go dtí sin, “Shippagan” (amhrán le Michel Conte) . D’aistrigh sí go dtí Barclay Records i 1969 agus d’eisigh a lán amhrán a raibh éileamh an domhain orthu. Is iomaí camchuairt a rinne sí thar lear. Sna 1980í tháinig blas an rac-cheoil ar a cuid amhránaíochta.
D’iompaigh sí ar an aisteoireacht sna 1990í agus rinne páirteanna ar an stáitse, ar an teilifís agus i scannáin.
I 2006 tháinig sí i láthair an phobail arís le halbam dúbailte dar theideal Entre la terre et le soleil - Renée Claude chante Luc Plamondon.
Le cloisteáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Renée Claude chante Léo Ferré - "Est-ce ainsi que les hommes vivent" [1]
Renée Claude chante Léo Ferré - "La mémoire et la mer" [2]
Renée Claude – "Le monde est fou" [3]
Renee Claude - "Shippagan" [4]
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Albaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1963 : Renée Claude Volume 1 (Disques Sélect) (réédition 2013, Musicor)
- 1964 : Renée Claude Volume 2 (Disques Sélect) (réédition 2013, Musicor)
- 1965 : Renée Claude Volume 3 - Il y eut un jour (Disques Sélect) (réédition 2013, Musicor)
- 1966 : Renée Claude Volume 4 (Disques Sélect) (réédition 2013, Musicor)
- 1967 : Renée Claude - Shippagan (Disques Columbia)
- 1969 : Renée Claude - C'est notre fête aujourd'hui (Barclay)
- 1969 : Le tour de la terre (Barclay)
- 1970 : Le début d'un temps nouveau (Barclay)
- 1971 : Tu trouveras la paix (Barclay)
- 1972 : Je reprends mon souffle (Barclay)
- 1973 : Ce soir je fais l'amour avec toi (Barclay)
- 1975 : Je suis une femme (London)
- 1976 : L'enamour, le désamour (London)
- 1979 : Bonjour (Les Disques Solset)
- 1982 : Moi c'est Clémence que j'aime le mieux (Disques Pro-Culture, Réédition CD en 2002 : Disques Transit)
- 1983 : Renée Claude chante Georges Brassens (Disques GMD)
- 1986 : Renée Claude (Disques GMD, Réédition CD en 2004 sous le titre Le futur est femme : Disques XXI-21)
- 1990 : Nelligan (Disques Audiogram/Star)
- 1993 : J'ai rendez-vous avec vous - Renée Claude chante Georges Brassens (Disques Transit)
- 1994 : On a marché sur l'amour : Renée Claude chante Léo Ferré, mar a leanas:
CD1
- Vingt ans
- La Vie d'artiste
- Mister Giorgina
- Y a une étoile
- La Lune
- Tu ne dis jamais rien
- Pépée
- Est-ce ainsi que les hommes vivent ?
- L'Affiche rouge
- Les Anarchistes
- Y'en a marre
- Ni Dieu ni maître
CD2
- Ne chantez pas la mort
- La Vie
- Pauvre Rutebeuf
- Le Temps du tango
- C'est extra
- Avec le temps
- Il n'aurait fallu
- Je te donne
- L'Âge d'or
- Le Fleuve aux amants
- La Mémoire et la mer
- Je chante pour passer le temps
Bailiúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1966 : Le Disque d'or (Disques Sélect)
- 1973 : Les grands succès Barclay Vol. 1 (Compilation double) (Barclay)
- 1974 : Les grands succès Barclay Vol. 2 (Compilation double) (Barclay)
- 1974 : Camp Fortune 1974 (Compilation) (Radio-Canada International)
- 1997 : Les refrains d'abord (Fonovox)
- 1998 : C'était le début d'un temps nouveau (Disques Transit)
- 2006 : Entre la Terre et le soleil - Renée Claude chante Luc Plamondon (Disques Transit/Interdisc)
- 2008 : Les incontournables (Musicor)
Amhráin in albaim eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1963 : Chansons sur mesure - Collectif québécois - Feuille de gui (Adagio)
- 1964 : Noël de nos chansonniers - Collectif pour Noël - À chaque mois de décembre (Disques Sélect)
- 1975 : André Gagnon - Neiges - Chanson pour Renée Claude (London)
- 1978 : Jean Robitaille - Fais de beaux rêves - Saint-Jovite (Disques Gamma)
- 1985 : Fondation Québec-Afrique - Collectif pour l'Éthiopie - Les Yeux de la faim (Kébec-Disque)
- 1993 : Sainte Nuit - Collectif pour Noël - Trois anges et Peuple fidèle (avec Claude Gauthier) (Arpège Musique)
- 1995 : Luc Plamondon «Les grandes chansons» – Collectif d’artistes en hommage à Luc Plamondon - Ce soir je fais l'amour avec toi (Productions Guy Cloutier)
- 1996 : La mémoire des boîtes à chansons - Collectif québécois - La marquise coton (DisQuébec)
- 1998 : Je me souviens - Coffret commémoratif de la chanson québécoise (GSI Musique)
- 1998 : Stéphane Venne - Le temps est bon (Disques Citation)
- 2003 : Les Divas du Québec - Live 2003 - Viens faire un tour chez moi, Tu trouveras la paix et Nelligan (Disques Divine Musique)
- 2006 : Pierre Létourneau - Heures de pointe - J'aimerais bien qu'on te chante (avec Pierre Létourneau et Claude Gauthier) (Les Disques du store ouvert)
- 2008 : Michel Conte - Viens faire un tour (Disques XXI-21 et Intermède Music)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Article « Renée Claude » sur archives.emissions.ca Curtha i gcartlann 2006-02-23 ar an Wayback Machine (údar: Donald Jr. Bilodeau, 6 Bealtaine 2005, scríofa do Wikipedia na Fraincise aige féin)
- http://www.reneeClaude.com/trcd_9106_7.htm
- http://www.voir.ca/publishing/article.aspx?zone=1§ion=6&article=1684[nasc briste go buan]
- http://www.jechantemagazine.com/BIOGRAPHIES/Itw%20Renee%20Claude.html Curtha i gcartlann 2016-03-03 ar an Wayback Machine
- http://www.reneeclaude.com/03_biographie.htm
- http://www.leparolier.org/quebecois/classartistes/r/reneeclaude.htm Curtha i gcartlann 2011-01-13 ar an Wayback Machine