Jump to content

Ríocht Navarre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRíocht Navarre
Reino de Navarra (es) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 42° 49′ 01″ N, 1° 38′ 34″ O / 42.816944444444°N,1.6427777777778°W / 42.816944444444; -1.6427777777778

PríomhchathairCathair Pamplona agus Navarreria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Reiligiúnan Eaglais Chaitliceach Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRíocht Pamplona Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthúc. 1162
Díscaoileadh1841
Á leanúint agRíocht Navarre trasna na bPiréiní agus Ríocht Navarra (1512–1841) Cuir in eagar ar Wikidata

Ba ríocht í Ríocht Navarre Bascais: Nafarroako Erresuma, Spáinnis: Reino de Navarra,Fraincis: Royaume de Navarre,Laidin: Regnum Navarrae), ar a dtugtar ar dtús Ríocht Phamplona, a bhí lonnaithe ar thailte ar dhá thaobh na bPiréiní, taobh leis an Aigéan Atlantach idir an Fhrainc agus an Spáinn, mar atá siad san am i láthair

Bunaíodh Ríocht Navarre nuair a toghadh nó a dearbhaíodh an taoiseach Bascach Íñigo Arista ina Rí ar Phamplona (go traidisiúnta sa bhliain 824) agus threoraigh sé éirí amach i gcoinne na bhFranc a bhí i réim sa réigiún riaracháin. Chloigh Coróin na Caistíle an chuid ó dheas den ríocht sa bhliain 1512 (go buan sa bhliain 1521), agus comhcheanglaíodh í isteach i Ríocht na Spáinne. D’fhan an chuid ó thuaidh den ríocht neamhspleách, ach chuaigh sí leis an bhFrainc trí aontais phearsanta sa bhliain 1589, nuair a fuair an Rí Anraí III de Navarre ríchathaoir na Fraince mar Anraí IV na Fraince, agus sa bhliain 1620 bhí sé comhcheanglaíodh í isteach i Ríocht na Fraince. Ghlac monarcaí an stáit aontaithe seo leis an teideal "Rí na Fraince agus Navarre" go dtí gur briseadh an rialtas sa bhliain 1792, agus arís i rith Athchóirithe na mBúrbónach ó 1814-1815 / 1815-1830.