Jump to content

Pailé-ointeolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
bíosún, iarsmalann Azov

Is é pailé-ointeolaíocht (AIF: [pˠalʲeːˌənʲˈtʲoːl̪ˠiːə̯xt̪ˠ, -iːɑ̯xt̪ˠ]) staidéar eolaíoch ar an saol a bhí ar an chruinne roimh thús na haoise Holoicéineaigh. Bíonn staidéar iontaisí cuid an chúrsa; déantar staidéar den sórt sin chun créatúir a rangú agus a gcaidrimh le chéile a scrúdú (pailé-éiceolaíocht is ainm di sin). [1] Cláraíodh barúlacha pailé-ointeolaíochta chomh fada ó shin leis an gcúigiú céad RC. Bunaíodh an staidéar san ochtú céad déag buíochais leis na saothair Georges Cuvier ar anatamaíocht comparáideach, agus d'fhorbair an staidéar go gasta sa naoú céad déag. Déantar an téarma ón Shean-Ghréigis παλαιός ("palaiós", "sean, ársa"), ὄν ("on", (gin. "ontos"), créatúr, neach), agus λόγος ("logos", "caint, machnamh, staidéar").[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Hussey, Matt (2011). "Pailé-ointeolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 503.
  2. "pailé-ointeolaíocht" (as en) (2022-07-08). Wiktionary, the free dictionary.