Jump to content

Maureen O'Sullivan (aisteoir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaureen O'Sullivan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Maureen Paula O'Sullivan Cuir in eagar ar Wikidata
17 Bealtaine 1911
Mainistir na Búille, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Meitheamh 1998
87 bliana d'aois
Scottsdale, Arizona Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Woldingham Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir stáitse, aisteoir scannáin, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1930 –
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileJohn Farrow (1936–1963) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMia Farrow, Stephanie Farrow, Patrick Villiers Farrow, Tisa Farrow, Prudence Farrow Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCharles O'Sullivan (en) Aistrigh  agus Mary Frazer (en) Aistrigh
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinfarrow-osullivan.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0001577 Allocine: 12946 Allmovie: p53671 109636 IBDB: 54979 AFI: 109636
Musicbrainz: 358adb40-ffc2-430d-b412-6838dc6024b2 Find a Grave: 3128 Cuir in eagar ar Wikidata

Aisteoir Éireannach ab ea Maureen Paula O’Sullivan (17 Bealtaine 1911 – 23 Meitheamh 1998). Rinne sí an pháirt Jane i sraith scannán Tarzan a fhad is a bhí Johnny Weissmuller sa phríomhpháirt. Bhí rólanna aici in go leor scannán thar thréimhse níos faide ná leathchéad bliain, in éineacht le haisteoirí ar nós Laurence Olivier, Greta Garbo, Fredric March, William Powell, Myrna Loy, Marie Dressler, Wallace Beery, Lionel Barrymore, na deartháireacha Marx (Groucho, Harpo, agus Chico) agus fiú Woody Allen sna 1980idí. In 2020, ba í uimhir a hocht ar liosta de na haisteoirí scannán Éireannacha is fearr san Irish Times.[1]

Rugadh O'Sullivan i Mainistir na Búille, Contae Ros Comáin. D'fhreastail sí ar scoileanna i mBaile Átha Cliath, i Sasana agus sa Fhrainc. In 1929, nuair a bhí sí 18 mbliana d'aois, bhog sí go Hollywood agus ghlac sí post leis an Fox Film Corporation. In 1932, shínigh sí conradh nua leis an stiúideo scannán mór le rá MGM. Bhain sí clú is cáil amach mar Jane i sé cinn de scannáin Tarzan le MGM idir 1932 agus 1942.

Bhí rólanna aici sna scannáin The Thin Man (1934), Anna Karenina (1935), A Day at the Races (1937), Pride and Prejudice (1940), agus Maisie Was a Lady (1941) freisin. Ghlac sí sos ón aisteoireacht chun aire a thabhairt dá clann, ach d’fhill sí ar an scáileán ina dhiaidh sin i scannáin a stiúir a fear céile, John Farrow. Lean sí uirthi ag obair i scannáin agus i ndrámaí ar feadh a saoil, agus bhí páirteanna aici in Hannah and Her Sisters le Woody Allen (1986), Peggy Sue Got Married (1986) le Francis Ford Coppola, agus in Stranded (1987).

Bhí O’Sullivan pósta faoi dhó. Phós sí John Farrow ar dtús agus bhí seachtar clainne acu, an t-aisteoir Mia Farrow ina measc. Níos déanaí ina saol, phós sí an fear gnó James Cushing. Rinneadh saoránach SAM di in 1947. Fuair sí bás in 1998 agus 87 bliain slánaithe aici. Tá réalta aici ar an Hollywood Walk of Fame agus bronnadh Gradam George Eastman uirthi in 1982.

  1. "The 50 greatest Irish film actors of all time – in order". The Irish Times (2020-06-13). Dáta rochtana: 2024-09-16.