Jump to content

Méadar báistí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is méadar báistí[1] ann ná ionstraim meitéareolaíochta chun méid báistí thar thréimhse a thomhas. De ghnáth is i bhfoirm buicéid é, le hoscailt d'fhairsinge ar leith a ligeann don uisce dul trí thonnadóir isteach i sorcóir atá grádaithe ag a bhun. De réir caighdeáin, déantar na tomhais ag amanna atá leagtha síos, le hionstraimí caighdeánaithe. Baintear feidhm as méadair uathoibríocha báistí a dhéanann taifead ar an am agus méid na báistí chun déine na báistí a ríomh.[2]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): méadar báistí” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-08-11.
  2. Hussey, Matt (2011). "Méadar báistí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 442.