Jump to content

Giovanni Caboto

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGiovanni Caboto

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 1450
Gaeta Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 1498
47/48 bliana d'aois
Aigéan an Atlantaigh Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmgestor, mairnéalach, trádálaí sclábhaithe Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis
Ghlac sé/sí páirt i
24 Meitheamh 1497John Cabot's Second Voyage (1497) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteSebastian Cabot Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGiulio Caboto

Find a Grave: 6623042 Cuir in eagar ar Wikidata

Taiscealaí Iodálach ab ea Giovanni Caboto (c. 1450 – c. 1498). Ba thaiscealaí é a mhac Sebastian Cabot freisin.

Theastaigh ó Chaboto a bhealach féin go dtí na hIndiacha Thiar a aimsiú. Chuaigh sé go Briostó i Sasana. Fuair sé cabhair ó cheannaithe na cathrach agus cead ó rí Shasana, Annraoi VII. Sa bhliain 1497 d’fhág sé féin agus criú ocht nduine dhéag Briostó sa long Matthew. Chuaigh siad go h-Éirinn agus ansin lean siad ar aghaidh trasna na h-Atlantaigh. Nuair a tháinig siad i dtír sa Domhan Nua, cheap Caboto go raibh sé san Áise, cosúil le Criostóir Colambas. I ndáiríre, ceaptar go raibh sé i dTalamh an Éisc. Dúirt sé go raibh na farraigí lán de throsc agus go bhféadfadh duine ciseán a thumadh san uisce agus a tharraingt as arís lán d'éisc. Shroich an long Briostó arís ar an 6ú lá Lúnasa.

Agus é i Sasana arís, rinneadh aimiréal de Chaboto. Fuair sé bronntanas £10 ón rí, agus pinsean ina theannta sin. D'fhág sé Sasana arís i 1498, agus cúig long aige. Níor tháinig siad ar ais go Sasana go deo.