Gabriele d'Annunzio
Scríbhneoir Iodálach ab ea Gabriele d'Annunzio (nó Gabriele D'Annunzio)[1], prionsa Mhontenevoso. Do rugadh é i bPescara na hIodáile ar an 12ú lá de Mhárta sa bhliain 1863 agus do fuair sé bás i nGardone Riviera na hIodáile ar an gcéad lá de Mhárta sa bhliain 1938.
Ina shaol pearsanta, do tharraing d'Annunzio clú air féin de bharr a chuid éachtaí le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Cé gur thaobhaigh d'Annunzio leis an bhFaisisteachas ar dtús, do dhealaigh sé leis ina dhiaidh sin.
Ba é d'Annunzio an scríbhneoir Iodálach is tábhachtaí a raibh baint aige leis an ngluaiseacht liteartha ar a dtugtar An Meathachas. Sa lá atá inniubh ann, is iad Il piacere (1889) [Gaeilge: 'An Sámhas'] agus Le vergini delle rocce (1895) [Gaeilge: 'Ógha na gCarraigeacha'], dá cheann desna seacht n-úrscéal a scríobh sé, na saothair is cáiliúla dá chuid.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ba é 'd'Annunzio' an litriú a bhíodh in úsáid ag d'Annunzio é féin, rud a léiríonn litreacha dá chuid. Féach ar Guglielmo Gatti, Vita di Gabriele d'Annunzio, Flórans, 1956, l. 1-2.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |