Féinmharú
Is é atá i gceist le féinmharú ná lámh a chur ina bhás féin. Tá an féinmharú ina cúis shuntasach le bás luath san Eoraip, le níos mó ná 50,000 básanna gach bliain san Aontas Eorpach.
Tagann neamhoird mheabhracha chun tosaigh roimh ré i naoi gcás as deich[1]. Thug an socheolaí Francach Émile Durkheim an coincheap "anóime" isteach i 1897, agus thairg gur cúis shuntasach le féinmharú í.
Staitisticí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an féinmharú ag dul i méid agus Éire ar na tíortha is measa san Eoraip. Is airde an líon daoine a chuireann lámh ina mbás féin in Éirinn gach bliain ná an líon daoine a mharaítear i dtionóisc tráchta ar bhóithre.
- Tá an ceathrú ráta féinmharaithe óige san Eoraip ag Éirinn[2]. Tá an féinmharú i measc na gcúig chúis báis is mó san aoisghrúpa 15 go 19 bliain in Éirinn.[3]
- Tharla 552 bás le féinmharú in Éirinn i 2009, is ionainn sin agus ráta 12.7 bás in aghaidh daonra 100,000[4].
Féinmharú cuidithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is ábhar é féinmharú cuidithe a n-éiríonn daoine an-tógtha faoi. Ní mór an t-ábhar faoin bhféinmharú a chur i láthair go cúramach, a deir Dignitas[5], a thugann cabhair do dhaoine lámh a chur ina bás féin.
Buamadóir féinmharaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá misean féinmharfach ag sceimhlitheoirí uaireanta.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fadó in Éirinn, peaca mhór ab ea an féinmharú. Dúradh gur chaith sé drochmheas ar an gclann[6], agus mar sin, níor labhair duine ar bith faoi..
Cásanna clúiteacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Féinmharú Nearó sa bhliain 68, de rogha ar an gcur chun báis a bhí i ndán dó.
- Bás Adolf Hitler agus Eva Braun sa bhliain 1945.
- Marilyn Monroe, 1962. Creidtear gur ródháileog piollairí codlata a thug a bás, agus gur féinmharú a bhí ann.
- Rudolf Hess, an Naitsíoch deireanach i ngéibhinn, sa bhliain 1987.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Eolas citizensinformation.ie.
- An Oifig Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc. Bunaíodh an Oifig Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc (ONFC) de chuid FSS sa bhliain 2005 mar thoradh ar mholadh a tugadh in Reach Out.
- An Feachtas Rothaíochta in aghaidh Féinmharú
- An Fhondúireacht Náisiúnta Taighde faoin bhFéinmharú Curtha i gcartlann 2017-10-03 ar an Wayback Machine , An Bord Taighde Sláinte.
- Seirbhís Méala don Fhéinmharú sa Teaghlach I gcomhpháirtíocht le www.pieta.ie, cuireadh seirbhís méala d’fhéinmharú sa teaghlach ar fáil go céimneach, chun tacú le daoine aonair, teaghlaigh, eagraíochtaí agus pobail atá buailte i ndiaidh báis de bharr féinmharaithe[7].
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ eur-lex.europa.eu
- ↑ An Roinn Oideachais - Folláine in Iar-Bhunscoileanna: Treoirlínte do Chothú na Meabhairshláinte agus do Chosc an Fhéinmharaithe https://www.education.ie/ga/Foilseach%C3%A1in/Tuarasc%C3%A1lacha-Oideachais/Well_Being_PP_Schools_Guidelines_ir.pdf
- ↑ Samaritans Suicide statistics report 2017 https://www.samaritans.org/sites/default/files/kcfinder/files/Suicide_statistics_report_2017_Final.pdf
- ↑ An Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO), 2012
- ↑ Suíomh Dignitas
- ↑ Cf. Máiréad Ní Ghráda, An Triail
- ↑ Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte