Coiste Gnóthaí Poiblí Iosrael Mheiriceá
Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht neamhrialtasach eagraíocht abhcóideachta |
Réimse oibre | brústocaireacht |
Foirm dlí | eagraíocht 501(c)(4) |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 3 Eanáir 1963 |
Bunaitheoir(í) | Isaiah L. Kenen |
Gníomhaíocht | |
Líon saorálaithe | 60 (2013) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Líon fostaithe | 396 (2013) |
Cuid de | Israel lobby in the United States (en) |
Suíomh gréasáin | https://aipac.org |
Is grúpa stocaireachta é Coiste Gnóthaí Poiblí Iosrael Mheiriceá (CGPIM) (Béarla:American Israel Public Affairs Committee (AIPAC)) a mholann beartais ar son Iosrael do Chomhdháil na Stát Aontaithe agus don Bhrainse Feidhmiúcháin [1]. Is í Betsy Berns Korn uachtarán reatha an CGPIM.
Ar cheann de roinnt eagraíochtaí brústocaireachta atá ar son Iosrael sna Stáit Aontaithe,[2] deir an CGPIM go bhfuil os cionn 100,000 ball aige, 17 oifig réigiúnach, agus “líon mór deontóirí”. Thug an t-ionadaí Brad Sherman (D - California) le fios go raibh an CGPIM "the single most important organization in promoting the U.S.-Israel alliance." Ina theannta sin, tugadh le fios go raibh an eagraíocht ar cheann de na grúpaí brústocaireachta is cumhachtaí sna Stáit Aontaithe.