Jump to content

Body Worlds

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBody Worlds
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáltravelling exhibition (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttps://bodyworlds.com


Taispeántas marbhán is ea Body Worlds, ar bun sna 1990idí agus ag dul ó neart go neart ó shin. Ba é an t-eolaí Gearmánach, Gunther Von Hagens, an chéad duine a d’úsáid an próiseas leasaithe plaistiniú sna 1970idí.[1]

Poznań, 2018

D'eagraigh sé an chéad taispeántas Body Worlds i dTóiceo sa bhliain 1995. Tá an taispeántas Body Worlds le feiceáil timpeall an domhain inniu. Reáchtáladh taispeántais mBaile Átha Cliath ó am go ham.

Cuirtear béim mhór ann ar chúrsaí eolaíochta. Maítear go bhfuil na corpáin á dtaispeáint le cead na mbronntóirí. Ach rinneadh cuid mhór gearán as an dóigh dhímheasúil a rabhthar ag plé leis na daoine marbha seo.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Ciara Nic Gabhann (Márta 2009). "Corpáin ina Seasamh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-03-11.