Jump to content

Arne Garborg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaArne Garborg

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(nn) Aadne Eivindsson Garborg Cuir in eagar ar Wikidata
25 Eanáir 1851
Undheim (an Iorua)
Bás14 Eanáir 1924
72 bliana d'aois
Asker (an Iorua)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Chríostaíocht
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, drámadóir, dialannaí, scríbhneoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ioruais agus Nynorsk
Teaghlach
CéileHulda Garborg (1887–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteArne Olaus Fjørtoft Garborg Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1626470 Musicbrainz: 7d854051-0cd7-441f-8665-a725a6b44620 Discogs: 793687 IMSLP: Category:Garborg,_Arne Cuir in eagar ar Wikidata

Prós-scríbhneoir agus údar aistí ón Iorua ab ea Arne Garborg, agus é ar thús cadhnaíochta ag úsáid an leagan Nynorsk den teanga Ioruaise. Rugadh ar an 25 Eanáir 1851 in Jæren i gcúige Rogaland é, agus fuair sé bás ar an 14 Eanáir 1924 in Asker i gcúige Akershus (inniu, i gcúige Viken). Is é an saothar is tábhachtaí dá tháinig óna pheann ná an t-úrscéal Bondestudentar ("Mic Léinn ón Tuath"). Bhunaigh sé roinnt irisí lena chuid smaointí faoi thábhacht na teanga Nynorsk a chraobhscaoileadh agus leis an teanga féin a chur chun cinn. Thairis sin d'oibrigh seisean agus an teangeolaí Rasmus Flo amach a leagan féin de cheartlitriú an Nynorsk, Midlandsnormalen nó "Caighdeán Lár na Tíre". Sa chaighdeán sin a chuaigh na leaganacha deifnideacha de shaothar Garborg i gcló.

Ainmníodh é do Dhuais Nobel sa Litríocht sé huaire.[1]

Is músaem inniu é teach breithe Garborg ag Jæren.
Portráid d'Arne Garborg le Eilif Peterssen, ó 1894.
  • Ein Fritenkjar (1878)
  • Bondestudentar (1883)
  • Forteljingar og Sogar (1884)
  • Mannfolk (1886)
  • Uforsonlige (1888)
  • Hjaa ho Mor (1890)
  • Kolbotnbrev (1890) (Litreacha)
  • Trætte Mænd (1891) (foilsithe i mBéarla mar Tired MenWeary Men)
  • Fred (1892) (foilsithe i mBéarla mar Peace)
  • Jonas Lie. En Udviklingshistorie (1893)
  • Haugtussa (1895) (Filíocht)
  • Læraren (1896)
  • Den burtkomme Faderen (1899) (foilsithe i mBéarla mar The Lost Father)
  • I Helheim (1901)
  • Knudahei-brev (1904) (Litreacha)
  • Jesus Messias (1906)
  • Heimkomin Son (1906)
  • Dagbok 1905–1923 (1925–1927) (Dialann)
  • Tankar og utsyn (1950) (Aistí)

"Deirtear gur féidir leat gach rud a bheith agat le hairgead, ach ní féidir leat. Is féidir leat bia a cheannach, ach ní goile; leigheas ach ní sláinte; eolas ach ní eagna; gealra, ach ní áilleacht; spraoi, ach ní lúcháir; lucht aitheantais, ach ní cairde; seirbhísigh, ach ní dílseacht; fóillíocht, ach ní síocháin. Is féidir leat crotal gach rud a bheith agat ar airgead, ach ní an eithne. "[2]

  1. "Nomination Database".
  2. Editorial. The Weekender Newspaper. Cluny, Alberta, Canada, March 4, 2005.


Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]