Jump to content

Aksel Sandemose

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAksel Sandemose

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(da) Axel Nielsen Cuir in eagar ar Wikidata
19 Márta 1899
Nykøbing Mors, An Danmhairg Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Lúnasa 1965
66 bliana d'aois
Cóbanhávan, An Danmhairg Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaVestre gravlund (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraÚrscéal
TeangachaRiksmål, an Danmhairgis agus an Ioruais
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáisteBjarne Sandemose, Jørgen Sandemose Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0761378 Musicbrainz: a4edf3e5-3f9e-41ff-81ac-3a2a6cf92aa1 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Ioruach de phór na Danmhairge a bhí in Aksel Sandemose (fíorainm: Axel Nielsen) a saolaíodh i Nykøbing-Mors sa Danmhairg ar an 19 Márta 1899 agus a shíothlaigh i gCóbanhávan ar an 6 Lúnasa 1965.

Is é an leabhar is clúití dár tháinig óna pheann ná an t-úrscéal En flyktning krysser sitt spor ("Teifeach ag trasnú a riain féin"), inar leag sé síos "Dlí Jante", dlí na cúngaigeantachta[1] i gcathair bheag. Jante an t-ainm a bhaist sé ar a chathair dhúchais san úrscéal.

B'as Sandermosen san Iorua do mháthair an scríbhneora, agus leagan den logainm sin é an sloinne a ghlac sé air. D'athraigh sé sloinne sa bhliain 1921. Chaith sé an chuid ba mhó de na fichidí ina mhairnéalach.

1963

Sa bhliain 1930, shocraigh sé síos i Nesodden in aice le hOslo. Nuair a d'fhorghabh na Gearmánaigh an Iorua, ghlac sé páirt sa chath in éadan na nGearmánach agus chuaigh sé ar a theitheadh go dtí an tSualainn.

I ndiaidh an chogaidh, d'fhill sé chun na hIorua agus chuaigh sé ina chónaí go Kjørkelvik i Risør. Chaith sé deich mbliana ansin. Ach d'fhág sé an áit nuair a fuair a bhean chéile agus mac leis bás.

D'éag Sandemose féin sa bhliain 1965 i gCóbanhávan.

Cé gur sa Danmhairg a tháinig sé chun saoil agus a fuair sé bás, glactar leis gur scríbhneoir Ioruach a bhí ann go bunúsach. Scríobh sé an chuid ba mhó dá shaothar sa leagan den Ioruais ar a dtugtar Riksmål, is é sin, an leagan is cóngaraí don Danmhairgis. San am chéanna, bhí meas mór aige ar an litríocht Ioruach go léir, an chuid san áireamh a bhí scríofa i Nynorsk.

Íomhá Aksel Sandemose ar dheireadh eitleán de chuid Norwegian Air
  • 1923 Fortællinger fra Labrador ("Scéalta ó Labrador")
  • 1924 Ungdomssynd ("Peaca Óige")
  • 1924 Mænd fra Atlanten ("Fir ón bhFarraige Mhór")
  • 1924 Storme ved jævndøgn
  • 1927 Klabavtermanden ("An Taibhse Loinge")
  • 1928 Ross Dane
  • 1931 En sjømann går i land ("Mairnéalach ag Dul i dTír")
  • 1932 Klabautermannen (leagan Ioruaise de "Klabavtermanden")
  • 1933 En flyktning krysser sit spor (an chéadfhoilsiú faoin ainm cleite Espen Arnakke)
  • 1936 Vi pynter os med horn ("Cuirimid adharca orainn")
  • 1939 September ("Mí Mheán Fómhair")
  • 1945 Tjærehandleren ("An Trádálaí Tarra")
  • 1946 Det svundne er en drøm ("Nil san Aimsir Chaite ach Brionglóid")
  • 1949 Alice Atkinson og hennes elskere ("Alice Atkinson agus a Leannán")
  • 1950 En palmegrønn øy ("Oileán Glas na gCrann Pailme")
  • 1958 Varulven ("I gConriocht")
  • 1960 Murene rundt Jeriko ("Na Ballaí timpeall ar Ireacó")
  • 1961 Felicias bryllup ("Bainis Felicia")
  • 1963 Mytteriet på barken Zuidersee ("An Cheannairc ar an mBárc úd Zuidersee")