Jump to content

Réigiún Murcia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 01:42, 13 Lúnasa 2023 le HusseyBot (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRéigiún Murcia
Región de Murcia (es) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 38° 00′ N, 1° 50′ O / 38°N,1.83°W / 38; -1.83
Stát ceannasachan Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairCathair Murcia Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,518,486 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús134.22 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla11,313 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uiscean Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Airde348 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMacizo de Revolcadores (2,014 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRegion of Murcia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1982
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinCouncil of Government of the Region of Murcia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachRegional Assembly of Murcia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán Réigiún Murcia Cuir in eagar ar WikidataFernando López Miras (2017–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2ES-MC Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSES62 Cuir in eagar ar Wikidata
INE municipality code (en) Aistrigh30 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincarm.es Cuir in eagar ar Wikidata

Comhphobal Féinrialaithe Murcia (Spáinnis: Comunidad Autónoma de la Región de Murcia) suite in iardheisceart na Spáinne idir Andalucía agus Comhphobal Valencia ar chósta na Meánmhara.

Níl ach cúige amháin sa réigiún, rud as an ngnáth do réigiúin na Spáinne. Dá bharr seo, oibríonn rialtas an réigiúin agus an chomhphobail mar aonad amháin. Is í cathair Murcia príomhchathair an chúige.

Tá teorainn aici le Andalucía (cúigí Almería agus Granada); Castilla-La Mancha (cúige Albacete), a bhí ceangailte go stairiúil le Murcia go dtí an bhliain 1833; Comhphobal Valencia (cúige Alicante); agus an Mheánmhuir. Is é Revolcadores (2015 m) an sliabh is mó sa réigiún.

Tá sé 11,313 km² ina achar, agus tá daonra 1.2 million ina gcónaí sa réigiún, trian acu ina gcónaí sa phríomhchathair. Tá 48 contae sa réigiún ina measc Los Alcázares, Caravaca de la Cruz, Cartagena, San Pedro del Pinatar agus ar ndóigh Murcia.

Soláthraíonn an réigiún torthaí, glasraí, agus bláthanna don tír agus don chuid eile na hEorpa. Tá fíon iontach le fáil in aice na mbailte Bullas, Yecla, agus Jumilla, chomh maith le hola olóige in aice le Moratalla. Go ginearálta, is ceantar te é Murcia agus dá bharr sin, is áit oiriúnach í don talmhaíocht. Is beagán frasaíochta atá ann áfach, agus bíonn soláthar uisce ina fhadhb mhór san áit, go háirithe ó thaobh na turasóireachta de. Gan an dara rogha a bheith acu, tógtar uisce ón Río Segura (an abhainn is truaillithe san Eoraip).

Thosaigh na Cartagaigh port trádála ar an gcósta ag Cartagena, baile ar thug na Rómhánaigh Carthago Nova uirthi. Cheap na Cartagaigh go raibh an Spáinn mar chuid den Impireacht a bhí acu. Bhí Murcia ina chuid den chúige Rómhánach Hispania Carthaginensis. Faoi na Múraigh (a thug isteach eolaíocht an uiscithe, rud a bhfuil an talmhaíocht ag brath uirthi). I measc na gcathracha a bhí ann, bhí Orihuela, Lorca, Mula agus Chinchilla de réir Idrisi sa 11ú haois.

Tháinig Ríocht Neamhspleách Murcia ar an bhfód mar taifa san 11ú haois. Bhí Albacete agus cuid d'Almería san áireamh sa Taifa Múrach seo. I ndiaidh Chath Sagrajas sa bhliain 1086, thóg an ríshliocht Almoravid nó taifas go léir nuair a athaontaíodh an Spáinn Mhoslamach. Ghéill an rí Múrach Murcia do Ferdinand III sa bhliain 1243. Mar ba ghnáth, díbríodh na Moslamaigh as an gcathair.

Roinn Alfonso X an ríocht i trí chuid chun riarachán an réigiúin a éascú.

Ghabh Alfonso an réigiún iomlán sa bhliain 1266, agus mhair sé mar ríocht vasáilleach go dtí na leasúcháin a tháinig isteach leis an mbunreacht liobrálach sa bhliain 1812. Leis an gcóras nua féinrialaithe a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 1982, rinneadh comhphobal neamhspleách de Murcia.

Tá an Spáinnis a labhraítear sa réigiún beagáinín difriúil ó áiteanna eile sa Spáinn. Faigheann “Muircis” (nó Panochó) réidh le focail a chríochnaíonn ar chonsan agus cuireann sí béim ar fhoclóireacht áitiúil. Tagann cuid mhaith den stór focal ó sheanfhocail Araibise agus Aragóinis. Tá cosúlachtaí idir an chanúint in Murcia agus na canúintí eile sa chúige Almería, Andalucía.


Riarachán agus Daonra

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Learscáil na mBardas
Bardais de réir Daonra (2017)[1]
1.º Murcia 443,243
Cartagena 214,177
Lorca 92,229
Molina de Segura 70,344
Alcantarilla 41,331
Torre-Pacheco 35,198
Cieza 34,987
Águilas 34,758
Yecla 34,092
10º San Javier 31,695

Níl ach 45 bardas sa réigiún — is é an réigiún a bhfuil an líon is lú bardas ann. É sin ráite, is é Murcia an 7ú bardas is mó sa Spáinn, is é Cartagena an 23ú bardas is mó, agus Lorca an 69ú bardas is mó. Is é mórcheantar uirbeach Murcia an 10ú mórcheantar uirbeach is mó sa tír. Tá roinnt de na bardais sách mór agus mar sin bíonn roinnt acu eagraithe mar cheantar bardais. Tá 54 ceantar nó pedaías i mbardas Murcia mar shampla.

Tá 12 chontae nó comarcas sa réigiún, ach níl mórán cumhachta acu mar aonaid riaracháin.

Contaetha Murcia
  1. Fuente: INE. (22–10–2017).



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla