Ollscoil Princeton
Ollscoil phríobháideach suite in Princeton, New Jersey is ea Ollscoil Princeton. Bhí timpeall is 8,000 mac léinn ag staidéar go lánaimseartha ag Ollscoil Princeton in 2012, os cionn 5,000 fochéimithe agus 2,700 éigin céimithe.
Stair
cuir in eagarBhunaígh Preisbitéirigh an tSolais Nua an scoil sa bhliain 1746 le ministrí a oiliúint. Coláiste New Jersey an t-ainm a bhí ar an scoil ar dtús agus í suite sa chéad bhliain in Elizabeth, New Jersey. Bogadh an coláiste go Newark ansin mar ar fhan sé go raibh Nassau Hall in Princeton críochnaithe sa bhliain 1756. Áirítear Princeton mar cheann de na Naoi nOllscoil Choilíneach a bunaíodh roimh fhógairt neamhspleáchais na Stát Aontaithe sa bhliain 1776. Ollscoil Princeton a baisteadh air sa bhliain 1896.
Fuair Woodrow Wilson, 28ú uachtarán na Stát Aontaithe, a chéim bhaitsiléara amach ó Princeton agus sa bhliain 1902 ceapadh é mar 13ú huachtarán na hOllscoile céanna.
Chaith Albert Einstein tamall ar champas Princeton sna 1930idí mar bhí sé ina bhall den Institute of Advanced Studies agus bhí oifigí an IAS suite ar an gcampas sa tréimhse sin. Ní cuid de Ollscoil Princeton é an IAS, áfach, agus ní raibh aon bhaint ag Einstein léi ach oiread mar sin.
Princeton agus Éire
cuir in eagarCheannaigh Ollscoil Princeton bailiúchán Brendan Behan agus cartlann Joseph O’Connor agus go leor eile.
Bhí Cartlann Mháire Mhac an tSaoi díolta le hOllscoil Princeton in 2023. Tá an t-ábhar, nó beidh an an t-ábhar, ar fáil go poiblí.[2]
Féach freisin
cuir in eagar- Ivy League[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "()" (en). artmuseum.princeton.edu. Dáta rochtana: 2023-03-09.
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin (8 Márta 2023). "Cartlann Mháire Mhac an tSaoi díolta le hOllscoil Princeton mar nach raibh aon institiúid in Éirinn sásta í a cheannach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-09.
- ↑ "Ivy League" (as en) (2023-02-27). Wikipedia.