Fioscaireacht
Is éard is fioscaireacht[1] (< “fios” + “iascaireacht”; Béarla: phishing; is féidir iascaireacht sonraí a thabhairt ar an bhfeiniméan seo freisin) ann ná fiosrú sonraí pearsanta ar an Idirlíon le mí-úsáid a bhaint astu. Mar shampla, is féidir don fhioscaire uimhir chuntais an duine a mhealladh uaidh chun a chuid airgid a ghoid. Tugtar “fioscaireacht spriocdhírithe” ar fheachtas fioscaireachta a bhaineann leas as eolas pearsanta chun díriú ar dhuine ar leith.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““fioscaireacht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-01.
- ↑ ““fioscaireacht spriocdhírithe” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-01.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |