Dmitri Shostakovich

chumadóir agus pianódóir Rúiseach

Ba chumadóir agus pianódóir Rúiseach é Dmitri Dmitriyevich Shostakovich (Éist), nó Дмитрий Дмитриевич Шостакович sa Rúisis. (25 Meán Fómhair 19069 Lúnasa 1975). Feictear air mar cheann de na cumadóirí is tábhachtaí den 20ú haois. Bhí stíl armónach ar leith aige, agus tá suntasacht stairiúil ag baint lena chuid ceoil mar gheall ar na blianta a chaith sé ag obair faoi Stalin.

Infotaula de personaDmitri Shostakovich

(1950) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Дми́трий Дми́триевич Шостако́вич Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Meán Fómhair 1906 (Iúlach)
Cathair Pheadair, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Lúnasa 1975
68 bliana d'aois
Moscó, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Cliseadh croí)
Áit adhlacthaReilig Novodevichy Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Chomhairle Uachtarach an Aontais Shóivéadaigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Cheoil Chathair Pheadair (1919–1925) Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDoctor of Sciences in History of art (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeoldráma, siansa, ceol aireagail agus ceol clasaiceach
Gairmcumadóir claisiceach, múinteoir ceoil, cumadóir, stiúrthóir, leabhrógaí, polaiteoir, múinteoir ollscoile, pianódóir, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1919 –
FostóirArdscoil Cheoil Mhoscó (1943–1948)
Ardscoil Cheoil Chathair Pheadair (1937–)
Workers' Youth Theatre (en) Aistrigh (1930–1933)
Meyerhold State Theatre (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh (1960–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraSiansa, ceol aireagail agus ceoldráma
Mac/iníon léinn de chuidLeonid Nikolayev, Alexandra Rozanova, Ignatiy Glyasser, Maximilian Steinberg, Nikolay Sokolov, Alexander Ossovsky agus Maria Yudina
Mac/iníon léinnGerman Galynin, Georgy Sviridov, Galina Ustvolskaya, Elmira Nəzirova agus Mstislav Rostropovich
Faoi thionchar
TeangachaAn Rúisis
UirlisPianó
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileNina Varzar (1932–1935)
Nina Varzar (luach anaithnid–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMaxim Shostakovich
 ( Nina Varzar)
Galina Dmitrievna Shostakovich
 ( Nina Varzar) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDmitry Shostakovich
Gradam a fuarthas
Síniú

Veu de Dmitri Shostakovich (an Rúisis) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáinshostakovich.ru Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0006291 Allocine: 75510 Allmovie: p111311
Spotify: 6s1pCNXcbdtQJlsnM1hRIA iTunes: 267981 Last fm: Dmitri+Shostakovich Musicbrainz: 519dd32e-8f30-4380-8826-7aa99169e1bb Lieder.net: 5739Songkick: 4860938 Discogs: 115461 IMSLP: Category:Shostakovich,_Dmitry Allmusic: mn0001517893 Find a Grave: 953 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhain Shostakovich clú agus cáil amach san Aontas Sóivéadeach faoi phatrúnacht an chinn foirne Sóivéadeach Mikhail Tukhachevsky, ach níos moille bhí caidreamh casta agus deacair leis an rialtas. In ainneoin sin, fuair sé onóracha agus gradaim stáit, agus rinne sé seirbhís i Sóivéid Uachtarach an RSFSR (1947) agus i Sóivéid Uachtarach an Aontais Sóvéidigh (ó 1962 go dtí a bhás).

Ilstílí a bhí i Shostakovich. D’fhorbair sé guth hibrideach a thug teicnící ceolta éagsúla isteach ina chuid ceoil. Léirítear codarsnachtaí móra ina cheoil, agus tá eilimintí arrachtacha agus tonúlacht éiginnte le fáil ann fosta. Tá tionchar stíle éagsúla feiceálach ina cheoil; mar shampla, an stíl nuachlasaiceach a rinne Igor Stravinsky ceannródaíocht air, chomh maith le Rómánsachas déanach Gustav Mahler, go háirithe ina shiansaí.

I measc saothair ceolfhoirne de chuid Shostakovich, ta 15 siansa agus 6 coinséartó. I measc a shaothair aireagail, tá 15 ceathairéad téadach, cúigréad pianó amháin, dhá tríréad pianó, agus dhá phíosa fa choinne ochtréad téadach. Scríobh sé roinnt píosaí don phianó aonarach, dhá shonáid, tacar réamhcheolta luatha, agus tacar níos déanaí de 24 réamhcheol agus fiúga san áireamh. Chomh maith le sin, scríobh sé trí cheoldráma, roinnt ciogal amhrán, bailéanna, agus go leor ceol scannáin.