Skip to main content
European Social Fund Plus

Cad is CSE+ ann?

Is é Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) príomhionstraim an Aontais Eorpaigh chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus chun tacú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Agus buiséad ag CSE+ ina bhfuil €142.7 billiún don tréimhse 2021-2027, leanfaidh sé de rannchuidiú tábhachtach a thabhairt do bheartais fostaíochta, shóisialta, oideachais agus scileanna an Aontais, athchóirithe struchtúracha sna réimsí sin ina measc.

Beidh an Ciste ar cheann de bhunchlocha théarnamh socheacnamaíoch an Aontais ó phaindéim an choróinvíris freisin. Mar gheall ar an bpaindéim, cuireadh an dul chun cinn atá déanta i rannpháirtíocht an lucht saothair ó mhaith, cuireadh brú ar na córais oideachais agus sláinte agus tháinig méadú ar an neamhionannas. Beidh CSE+ ar cheann de phríomhionstraim an Aontais chun cuidiú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

Mar chuid den bheartas comhtháthaithe, leanfaidh CSE+ de bheith ag tacú leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, críochach agus sóisialta san Aontas Eorpach, agus laghdófar na héagothromaíochtaí idir na Ballstáit agus na réigiúin dá bharr.

CSE+: meascán de cheithre chiste

Le CSE+ tugtar le chéile ceithre ionstraim chistiúcháin a bhí ar leithligh sa chlárthréimhse 2014-20: Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD), an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg, agus Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI).

An dóigh a gcuirfidh CSE+ tacaíocht ar fáil

Is iad na Ballstáit is mó a bhainistíonn an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoi CSE+, agus is ról maoirseachta a bhíonn ag an gCoimisiún i dtaca leis sin. Dá bhrí sin, déantar cistiú tríd an méid seo a leanas:

Prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhíorú

Is leis an 20 croíphrionsabal i gColún na gCeart Sóisialta a leagtar amach an bealach i dtreo Eoraip láidir shóisialta atá cothrom, ionchuimsitheach, lán deiseanna.  Tá siad nasctha go soiléir le CSE+ trína phríomhchuspóirí.