Cláraigh d’ainm fearainn le dhá chéim éasca agus brabhsáil trí scéalta rathúla.
Conas ainm fearainn a chlárú
1Seiceáil an bhfuil d'ainm fearainn ar fáil
Is féidir leat ainm fearainn eu .ею nó .ευ a chlárú má shásaíonn tú na critéir seo a leanas:
*Is duine aonaoir thú a bhfuil cónaí ort i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, san Íoslainn, i Lichtinstéin, nó san Iorua, nó is saoránach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, den Íoslainn, de Lichtinstéin nó den Iorua thú (ón 2 Lúnasa 2021).
*Tá tú ag déanamh ionadaíochta thar ceann eagraíochta atá bunaithe: i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh; nó san Íoslainn, i Lichtinstéin nó san Iorua.
Tús freastail ar an gceann is túisce
Tá ainmneacha fearainn ar fáil ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce. D'fhéadfadh sé nach mbeadh an t-ainm fearainn ar fáil mar:
- Tá an t-ainm fearainn cláraithe ag duine éigin eile cheana féin.
- Tá sé bactha nó curtha in áirithe ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE), ag ball den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), ag tír atá i gcéim an aontachais leis an AE, ag institiúid nó comhlacht de chuid an AE, nó ag an gClárlann.
Le linn phróiseas clárúcháin ainm fearainn, úsáideann EURid a chóras um mí-úsáid a chosc, a bhfuil duaiseanna buaite aige, chun clárúcháin a d’fhéadfadh a bheith mailíseach a bhrath.
Leideanna nuair a bhíonn d'fhearann á roghnú agat:
Ba chóir go mbeadh d'ainm fearainn infhuaimnithe agus éasca a choinneáil i gcuimhne, ná bíodh sé ach dhá fhocal nó trí fhocal ar fad.
Má tá an t-ainm fearainn atá á iarraidh agat curtha in áirithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar é a scaoileadh ach iarratas a chur isteach . Chomh maith leis sin, is féidir leat smaoineamh ar ainm fearainn le fleiscíní a úsáid, nó aicrainm a dhéanamh de trína ghiorrú.
Faigh an fearann in aon cheann de theangacha oifigiúla an AE (Ainm Fearainn Idirnáisiúnaithe).
2Cláraigh an t-ainm fearainn
Cláraigh ainm fearainn ar feadh suas le 10 mbliana le cláraitheoir creidiúnaithe.
Is féidir leat roinnt samplaí a fháil thíos nó cuardaigh an liosta de chláraitheoirí creidiúnaithe de réir teanga, tíre, nó seirbhíse.
Aimsigh cláraitheoir
Níl an ghné sin ar fáil faoi láthair. Tar ar ais níos déanaí, le do thoil. Go raibh maith agat as ucht do chuid foighne.
Is iad na lógónna a thaispeántar na cinn a chuir an cláraitheoir i dtrácht ar fáil dúinn. Chun teacht ar an liosta iomlán de na cláraitheoirí creidiúnaithe cliceáil ar Aimsigh cláraitheoir.
Níor aimsíodh aon chláraitheoirí.
An fáth ar chóir duit ainm fearainn .eu, .ею nó .ευ a chlárú
Faigh amach duit féin cad is féidir le .eu, .ею nó .ευ a dhéanamh duitse nó don ghnó atá agat má léann tú na scéalta rathúla seo. Más sealbhóir fearainn tú féin, is féidir leat fiú do theistiméireacht féin a chur isteach agus beidh áthas orainn do scéal a roinnt.
Infheictheacht
Más mian leat go gcuirfí do chuid táirgí agus do chuid seirbhísí san áireamh nuair a bhíonn tomhaltóirí ag déanamh cinntí faoina gcuid ceannachán, tá sé ríthábhachtach go mbeadh láithreacht éifeachtach ar líne agat. Le láithreán gréasáin a chuireann idirnáisiúntacht in iúl agus a labhraíonn le custaiméirí ionchasacha ar fud na cruinne, leathnaíonn tú do mhargadh go heaspónatúil.
Iontaofacht
Tugann láithreán gréasáin le hiarmhír .eu, .ею nó .ευ le fios do do chuid custaiméirí gur eintiteas dlíthiúil thú atá bunaithe san AE, an Íoslainn, Lichtinstéin nó san Iorua agus dá réir sin faoi réir dhlí an AE agus caighdeáin trádála eile atá ábhartha.
Cuidímid leat chun tú féin agus do chuid custaiméirí a chosaint ar líne
Cuirimid prótacal DNSSEC, ar fáil. Is beart slándála é a laghdaíonn an seans go dtreorófar do chuid custaiméirí chuig láithreáin ghréasáin fioscaireachta nó díobhálacha mar shampla. Is féidir Seirbhís Glasála Clárlainne a úsáid chun do chuid ainmneacha fearainn a chosaint i gcoinne athruithe ionchasacha neamhbheartaithe mar scrios nó aistriú.
Tugaimid tacaíocht do theangacha iomadúla
Féadfaidh carachtair ó script ar bith de chuid na dteangacha oifigiúla de chuid an AE a bheith i d'ainm fearainn. Chomh maith leis sin, cuirimid tacaíocht ar fáil sna teangacha oifigiúla ar fad de chuid an AE. Cliceáil anseo chun tuilleadh a léamh faoi IDNanna.