I sochaí atá iomchuimsitheach i ndáiríre, déantar cumas an uile dhuine a chothú agus a chur chun tairbhe. Sin is cúis leis an gcomhionannas a bheith i gcroílár a chláir oibre ag an gCoimisiún, sa tslí go bhfuil sé ag déanamh a chroídhíchill Aontas Comhionannais a thógáil ina mbeidh saol slán ó idirdhealú ag gach aon duine.
In 2020 agus 2021, ghlac an Coimisiún cúig straitéis chun dálaí a chruthú faoina bhféadfaidh gach duine maireachtáil, dul in inmhe agus dul i mbun ceannaireachta, beag beann ar dhifríochtaí ó thaobh gnéis, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta.
- Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025
- Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025
- Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030
- Plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le frithchiníochas 2020–2025
- Creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach2020-2030
An ceart a bheith dílis duit féin
San Aontas Eorpach, tá toirmeasc dlí ar idirdhealú ar aon fhoras (inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, cuir i gcás). Go fóill féin, tá lear mór daoine ann a bhíonn thíos leis an idirdhealú gach lá.
Chun a chinntiú go gcloítear le cearta bunúsacha an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe, bíonn an Coimisiún ag síormholadh beartais agus tionscnaimh nua, lena ndírítear ar an gcomhionannas agus an cuimsiú a chur chun cinn.
Tá an tAontas ag déanamh a chroídhíchill chun gur mór-roinn a bheidh san Eoraip ina mbeidh an saol ar a mhian féin ag gach duine, agus é slán ó fhoréigean agus steiréitíopaí inscnebhunaithe.
- 70.2 pointe(as 100) a bhain an tAontas amach san Innéacs Comhionannais Inscne in 2023
- 33 %d'fheisirí i bparlaimintí náisiúnta san Aontas atá ina mná
- 10.7 %atá de bhearna fostaíochta fhoriomlán idir mná agus fir
Maidir leis an gcomhionannas inscne, tá an-dul chun cinn déanta ag na Ballstáit ar bhealaí éagsúla. Orthu sin tá reachtaíocht choiteann a chur chun tosaigh, agus peirspictíochtaí comhionannais inscne a chomhtháthú i réimsí éagsúla beartais, mar shampla.
Mar sin féin, níl comhionannas inscne iomlán bainte amach ag na Ballstáit fós, ná baol air, agus níltear ag dul chun cinn ach go mall. Tá an foréigean inscnebhunaithe forleathan i gcónaí. Sa mhargadh saothair, tá na mná faoi ró-ionadaíocht in earnálacha ar phá íseal, agus is faoi thearcionadaíocht atá siad i bpoist chinnteoireachta. A dtuilleann na mná in aghaidh na huaire, tá sé fós 13 % níos lú ar an meán ná a dtuilleann na fir. Tá taighde ann a léiríonn gur mó obair tí a dhéanann na mná go ginearálta ná mar a dhéanann na fir. Ar na bunúdair atá leis na héagothromaíochtaí sin, tá steiréitíopaí inscne maidir leis na mná agus na fir araon.
Chun dul i ngleic leis na neamhionannais inscne atá ar an bhfód i gcónaí, sheol an Coimisiún Straitéis an Aontais maidir le Comhionannas Inscne in 2020.
Gníomhaíochtaí um chomhionannas inscne
Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta maidir le cosaint níos fearr a thabhairt do chearta daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha agus aiteacha (LGBTIQ).
- 23 Bhallstátatá ann ag a bhfuil reachtaíocht chomhionannais maidir le gnéaschlaonadh, ar reachtaíocht í lena gcumhdaítear réimsí eile chomh maith leis an bhfostaíocht
- 100+ tionscnamhatá á maoiniú ag an Aontas chun tacú le daoine LGBTIQ
Foinsí: Léarscáil tuair ceatha, tuarascáil ar dhul chun cinn Straitéis Comhionannais LGBTIQ 2020-2025
In ainneoin ár gcuid iarrachtaí a chur ar chumas gach duine a bheith dílis dó féin agus grá a thabhairt don té is ansa leis, is minic a bhíonn daoine LGBTIQ thíos leis an idirdhealú. I suirbhé a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) in 2019, léiríodh gur ag éirí níos forleithne atá an t-idirdhealú de réir ghnéaschlaonta. Sa suirbhé céanna fuarthas amach go ndearnadh ciapadh ar bheirt as gach cúigear daoine LGBTIQ a cuireadh faoi agallamh, toisc gur daoine LGBTIQ iad.
Chun dul i ngleic leis sin, ghlac an Coimisiún Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020–2025, straitéis lena dtugtar aghaidh ar na neamhionannais agus na dúshláin a bhfuil daoine LGBTIQ thíos leo, agus ina leagtar amach beartais spriocdhírithe.
Ós iomaí sin cultúr, traidisiún, agus teanga éagsúil sa mhór-roinn seo againn, is áit í ina bhfuilimid ‘aontaithe san éagsúlacht’.
Más áil linn beart a dhéanamh de réir mhana an Aontais, áfach, agus an bhrí atá leis an mana céanna a fhíorú, ní mór dúinn an ciníochas agus gluaiseachtaí seineafóibeacha a chomhrac de shíor, agus cuid de sin is ea an frithsheimíteachas agus an fuath frith-Mhoslamach a chomhrac.
De réir réimse suirbhéanna atá curtha i gcrích ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), tá leibhéil arda idirdhealaithe ann san Aontas i gcónaí.
Chun dul i ngleic leis sin, ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta maidir le frithchiníochas 2020-2025. Is plean é ina ndéantar na rudaí seo a leanas, chomh maith le cuspóirí eile a shaothrú –
- bearta agus cláir mhaoinithe a thabhairt isteach chun an ciníochas agus an t-idirdhealú a chomhrac i dtaobh rochtain ar an margadh saothair, an oideachais agus na hoiliúna, an chúraim sláinte, na cosanta sóisialta agus na tithíochta;
- sraith gníomhaíochtaí a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí ciníocha agus eitneacha, i gcomhar leis na meáin, an tsochaí shibhialta, agus ionadaithe daoine ar de mhionlach cine nó mionlach eitneach iad;
- na Ballstáit a spreagadh chun bearta a ghlacadh lena seachnófaí nó lena gcúiteofaí míbhuntáistí a bhaineann le hidirdhealú de réir cine nó tionscnamh eitneach.
Plean gníomhaíochta maidir le frithchiníochas 2020-2025
Daoine faoi mhíchumas a chuimsiú a thuilleadh
- 101 mhilliúnduine san Aontas atá faoi mhíchumas
- 50 %+acu sin, braitheann siad go bhfuil siad thíos le hidirdhealú
- 51 %acu atá fosaithe
Foinse: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030 (suirbhé a cuireadh ar dhaoine faoi mhíchumas)
In ainneoin an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, ní beag iad na bacainní atá roimh dhaoine faoi mhíchumas sa tsochaí seo againn. Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030, is é is aidhm di feabhas a chur ar shaol na ndaoine faoi mhíchumas, agus a chinntiú gur féidir leo leas a bhaint as a gcearta agus páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar, ar comhchéim le daoine eile.
Faoin straitéis sin, glacadh Pacáiste maidir le Fostaíocht do Dhaoine faoi Mhíchumas in 2022. As na 42.8 milliún duine faoi mhíchumas atá in aois oibre san Aontas, níl fostaithe ach a leath, agus is éard atá á dhéanamh le tionscnaimh den chineál sin treoir a chur ar fáil d’fhostóirí agus d’údaráis phoiblí, sin agus cúnamh a thabhairt sa tslí go bhfaighidh tuilleadh daoine faoi mhíchumas rochtain ar an margadh saothair.
Le blianta beaga anuas, glacadh roinnt rialacha de chuid an Aontais chun gur inrochtana a bheidh an tAontas ag daoine faoi mhíchumas, na rialacha seo a leanas ina measc:
- an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht, lena gcumhdaítear táirgí agus seirbhísí
- agus an Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin
I measc na dtionscnamh eile atá ann tá
- an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas
- moltaí maidir le tithíocht thacaithe inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas
- an creat le haghaidh seirbhísí sóisialta barr feabhais do dhaoine faoi mhíchumas (meastar gur in 2024 a thiocfaidh seo ar an bhfód)
Is iad na Romaigh an mionlach eitneach is mó san Eoraip. 10-12 mhilliún Romach atá ann ar an iomlán, agus meastar gur saoránaigh nó cónaitheoirí de chuid an Aontais 6 mhilliún duine acu.
Cé go bhfuil toirmeasc ar an idirdhealú san Aontas, tá go leor Romach ann atá thíos i gcónaí leis an gclaontacht agus leis an eisiamh sóisialta.
In 2020, sheol an Coimisiún plean 10 mbliana chun tacú le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht an phobail Romaigh san Aontas, plean inar leag sé amach na spriocanna atá sé i gceist aige a bhaint amach faoi 2030. Orthu sin, tá siad seo :
- an sciar den phobal Romach a ndearnadh idirdhealú orthu a laghdú ionas gurb é leath an sciar reatha a bheidh i gceist, ar a mhéad
- an bhearna bhochtaineachta idir na Romaigh agus an pobal i gcoitinne a laghdú, ionas gurb é leath na bearna reatha a bheidh i gceist, ar a mhéad
- an sciar de pháistí Romacha a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna leithscartha a laghdú, ionas gurb é leath an sciar reatha a bheidh i gceist, sna Ballstáit ina bhfuil líon suntasach Romach
- an bhearna ó thaobh ionchas saoil a laghdú ionas gurb é leath na bearna reatha a bheidh i gceist, ar a mhéad
Comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach san Aontas Eorpach
An Tascfhórsa Comhionannais
I ngach ceann de na cúig straitéis atá ag gabháil le hAontas an Chomhionannais, comhcheanglaítear bearta spriocdhírithe (reachtaíocht chomhionannais nó gníomhaíochtaí tiomnaithe múscailte feasachta, cuir i gcás) agus iarrachtaí an comhionannas a phríomhshruthú i réimsí beartais eile.
Chun cabhrú ó thaobh an comhionannas a phríomhshruthú i ngach réimse beartais, chruthaigh an Coimisiún tascfhórsa tiomnaithe.