Sonraí
- Dáta foilsithe
- 11 Nollaig 2018
Cur síos
Is é an Rialachán Airgeadais (FR) an príomhphointe tagartha do na prionsabail agus na nósanna imeachta lena rialaítear bunú, cur chun feidhme agus rialú bhuiséad an Aontais.
Tá feidhm ag na leaganacha reatha den Rialachán Airgeadais ón 2 Lúnasa 2018.
Déantar an Rialachán Airgeadais a athbhreithniú nuair is gá, agus in aon chás, dhá bhliain ar a dhéanaí roimh dheireadh gach creata airgeadais ilbhliantúil.
An 16 Bealtaine 2022 mhol an Coimisiún coigeartuithe spriocdhírithe ar an Rialachán Airgeadais chun na rialacha atá ann cheana a ailíniú le buiséad fadtéarmach reatha 2021-2027 agus iad a threisiú tuilleadh d’fhonn buiséad níos trédhearcaí, níos cosanta agus níos solúbtha a fhorbairt.
Tá an togra anois ina ábhar caibidlíochta idir Parlaimint na hEorpa agus Ballstáit an Aontais sa Chomhairle agus súil ann go nglacfar leis gan mhoill.
Is féidir an togra agus an iarscríbhinn a ghabhann leis a léamh thíos. Tá fáil ar phreaseisiúint agus ar dhoiciméad le ceisteanna agus freagraí ar líne freisin.
An 9 Samhain 2022 mhol an Coimisiún leasú teicniúil ar an rialachán maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, chun iasacht suas le €18 mbilliún a ráthú le haghaidh pacáiste tacaíochta don Úcráin trí úsáid a bhaint as an lamháltas buiséadach. Tá fáil ar phreaseisiúint agus ar dhoiciméad le ceisteanna agus freagraí ar líne.
An 6 Nollaig 2022, tugadh isteach leasuithe spriocdhírithe ar an Rialachán Airgeadais, lenar bunaíodh an cur chuige maoinithe aontaithe mar an príomhchur chuige i leith na margaí i gcás gach iasachta. Tá doiciméad ‘Ceisteanna agus Freagraí’ le fáil ar líne.