Leaba iomartha
Snaidhmeán is ea leaba iomartha nó roillic a ghreamaíonn maide rámha ar bhád. Nuair a dhéantar rámhaíocht ar bhád, feidhmíonn an leaba iomartha mar bhuthal, agus é sin á dhéanamh aici, aistrítear an fórsa tiomána a dhéanann an rámhaí ar an uisce leis an maide rámha chuig an mbád ag fórsa an tsá a chuirtear i bhfeidhm ar an leaba iomartha.
Maidir leis an ngnáth-árthach rámhaíochta, bíonn na leapacha iomartha ceangailte leis na gunailí. Le linn spórt na rámhaíochta bíonn na leapacha iomartha ceangailte leis na rigíní seachtracha (ar a dtugtar seach-chabhlacha freisin), a ghobann amach ón mbád, agus a chuireann luamhán níos mó ar fáil. I rámhaíocht spóirt, is gnách go mbíonn na leapacha iomartha U-chruthach, agus iad ceangailte le biorán ingearach a cheadaíonn don leaba iomartha casadh timpeall an bhioráin le linn an buille rámhaíochta. Chomh maith leis sin, bíonn meicníocht ghlasála acu (ar a dtugtar "an geata") ar fud bharr an "U", chun cosc a chur ar an mhaide rámha bualadh isteach go neamhdheonach as an leaba iomartha.
Ar dtús, ba dhá chuaille adhmaid nó cnoga dola iad na leapacha iomartha, ar a raibh feac an rámhana neadaithe eatarthu. Is féidir úsáid a bhaint as cuaille adhmaid aonair nuair a bhíonn poill gearrtha isteach sa luan a shuíonn thart/timpeall ar an gcuaille adhmaid. (Captaen Dennis Robinson FNI, mairnéalach den chéad scoth)