The printable version is no longer supported and may have rendering errors. Please update your browser bookmarks and please use the default browser print function instead.
Is banna rac-cheoil as Stáit Aontaithe Mheiriceá é Foo Fighters. Nuair a bhris an banna mór Nirvana suas i 1994, chuaigh drumadóir Dave Grohl isteach sa stiúideo, agus rinne sé albam beag ina aonar. Sheinn Grohl gach uirlis agus chan sé na hamhráin. Thug sé an t-ainm Foo Fighters ar an dtoradh. Nuair a bhí an t-albam réidh, thosaigh Grohl banna nua le Pat Smear as Nirvana, agus Nate Mendel agus William Goldsmith as an mbanna Sunny Day Real Estate.