An India
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is tír í an India (nó Poblacht na hIndia) i ndeisceart na hÁise. Is í an seachtú tír ar domhain ó thaobh achair de agus an dara tír ó thaobh daonra. Is í an daonlathas is mó ar domhain.
Sanasaíocht. Tagann an t-ainm "an India" ón Iondúis, atá díorthaithe ón fhocal Sean-Pheirseach Hindu, ón Sanskrit Sindlu, an t-ainm stairiúil áitiúil d'abhainn na hIondúise. Thug na sean-Ghréigigh Indoi (Ινδοί) (pobal na hIondúise) ar na hIndiaigh.
Tugtar "Bharat" ar an India freisin, i mbunreacht na hIndia agus i teangacha na tíre. Tá an stádas céanna ag an dá fhocal. Tagann Bharat ó ainm an rí finscéalach Bharata i miotaseolaíocht na hIndia.
Tíreolaíocht
Tá imeallbhord 7,517 ciliméadar ag India ar an Muir Arabach, ar an Aigéan Indiach agus ar Bhá Beangál. Tá teorainn aici leis an bPacastáin, Sín, Neipeal, Bútain, Banglaidéis agus le Maenmar. Tá oileán Shrí Lanca suite amach ó chósta oirdheisceart na hIndia.
Polaitíocht
Is poblacht í an India agus 29 stát agus seacht gcríoch aontais inti. Is daonlathas parlaiminteach é.
Geilleagar
Bhí an 12ú geilleagar is mó ag an India sa bhliain 2008. Cé go bhfuil geilleagar láidir eascarthach ag an tír, tá an bochtanas, an neamhlitearthacht, an galar agus easpa bia fós ann mar fhadhbanna mhóra.
An t-ainmhí náisiúnta: an eilifint | ||
---|---|---|
An t-éan náisiúnta | ||
An crann náisiúnta | ||
An bláth náisiúnta | ||
Ainmhí na hoidhreachta náisiúnta | ||
An mamach mara | ||
An reiptíl náisiúnta | ||
Mamach na hoidhreachta náisiúnta | ||
An toradh náisiúnta | ||
An teampall náisiúnta | ||
An abhainn náisiúnta | ||
An sliabh náisiúnta |
Teangacha na hIndia
Is stát iolraíoch ilteangach il-eitneach í an India sa lá atá inniu ann.
Tá 22 teanga oifigiúil ag an India, is iad an Hiondúis agus Béarla na príomhtheangacha atá in úsáid ag an rialtas cónaidhme. Ba í a dteanga an rud ba mhó a d’fhág na Sasanaigh ina ndiaidh san India.
Is iarchoilíneacht de chuid na Fraince í Pondicherry agus tá cúpla focal Fraincise á labhairt fós ann.
Stáit
Is iad na Stáit seo a leanas ballstáit an India:
Stair
Aithníodh fo-ilchríoch na hIndia ó thaobh saibhris tradála agus saibhris cultúrtha ar feadh i bhfad. Is ann a bhí sibhialtacht ghleann na hIondúise lonnaithe agus is réigiún bhealaí trádala stairiúla agus impireachtaí stairiúil í freisin.
Tháinig ceithre reiligiún mór ón fo-ilchríoch - an Hiondúchas, an Búdachas, an Séanachas agus an Sicheachas agus tháinig an Sorastrachas, an Giúdachas, an Chríostaíocht agus an tIoslam roimh 1000AD.
San 18ú haois bhí faill ag an bhFrainc ar smacht a fháil ar réimse maith den India. Má theip orthu é sin a dhéanamh ní de cheal dúthrachta agus misnigh é; arís agus arís eile chuaigh a gcuid arm i ngleic le reisimintí na Breataine, agus d’éirigh leo limistéar beag a choinneáil acu féin siar ó dheas ó Mhadras (Chennai) i dTamil Nadu.
Diaidh ar ndiaidh ón 18ú aois amach, nascghabh Comhlacht na hIndiacha Thoir an fo-ilchríoch agus ba choilíneacht na Ríochta Aontaithe í ó lár an 19ú haois.
Bhain an India a neamhspleáchas amach sa bhliain 1947.
Tagairtí
Stáit na hIndia | |
---|---|
Andhra Pradesh | Arunachal Pradesh | Assam | Biohár | Chhattisgarh | Goa | An Ghúisearáit | Haryana | Himachal Pradesh | Jammu agus Kashmir | Jharkhand | Karnataka | Kerala | Madhya Pradesh | Maharashtra | Manipur | Meghalaya | Mizoram | Nagaland | Odisha | Puinseáb | Rajasthan | Sikkim | Tamil Nadu | Telangana | Tripura | Uttar Pradesh | Uttarakhand | Beangál Thiar |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |