Managua
Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil.
Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha Is é Managua príomhchathair Nicearagua agus an roinn riaracháin leis an ainm chéanna. Bunaíodh é sa bhliain 1819 mar shráidbhaile beag iascaireachta, ar bhruach theas Loch Managua. Is é an chathair is mó sa tír é. Is cathair thábhachtach é Managua i gcúrsaí trádála, tionscadail, polaitiúla agus cultúrtha. Tá daonra 1,850,000 ag an gcathair agus níl daonra níos airde ag cathair ar bith i Meiriceá Láir ach amháin Cathair Ghuatamala.
Nuair a bunaíodh an baile i dtús báire glaodh "Leal Villa de Santiago de Managua" air. Tá Managua suite idir an dá chathair is tábhactachaí eile i Nicearagua, León agus Granada, agus dá bharr sin lonnaigh siad an phríomhchathair anseo mar chomhréitiú. Tá cuid mhaith d'eacnamaíocht Managua ag brath ar thrádáil. Tá an chathair mar áit lárnach i dtaoibh caife, cadáis, agus barraí eile. Tá sé tábhachtach freisin ó thaobh tionscadal, ag soláthar beorach, caife, cipíní, teicstílí, agus bróg.
D'fhulaing an chathair dhá chrith talún sa 20ú haois agus i ndiaidh an chinn deireanaigh tá áit cónaithe agus gnó á thógáil lasmuigh den chathair dá bharr. Glaotar "Veinéis i Meiriceá Láir" de bharr na canálacha a tochlaíodh ann, agus tá a lán turasóirí ag teacht ann dá bharr. Tá lasair shíoraí suite sa chathair chomh maith.