Jump to content

An India

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre

Is tír í an India (nó Poblacht na hIndia, nó an Ind agus Poblacht na hInde go minic sa Ghaeilge) i ndeisceart na hÁise. Is í an seachtú tír ar domhain ó thaobh achair de agus an dara tír ó thaobh daonra. Is í an daonlathas is mó ar domhain. Tá imeallbhord 7,517 ciliméadar ag an tír ar an Muir Arabach, ar an Aigéan Indiach agus ar Bhá Beangál. Tá sí teorainn ar theorainn leis an bPacastáin, leis an Sín, le Neipeal, leis an mBútain, leis an mBanglaidéis agus le Maenmar. Tá oileán Shrí Lanca suite amach ó chósta oirdheisceart na hIndia.

Aithníodh fo-ilchríoch na hIndia ó thaobh saibhris tradála agus saibhris cultúrtha ar feadh i bhfad. Is ann a bhí sibhialtacht ghleann na hIondúise lonnaithe agus is réigiún bhealaí trádala stairiúla agus impireachtaí stairiúil í freisin. Tháinig ceithre reiligiún mór ón fo-ilchríoch - an Hiondúchas, an Búdachas, an Séanachas agus an Sicheachas agus tháinig an Sorastrachas, an Giúdachas, an Chríostaíocht agus an tIoslam roimh 1000AD. Diaidh ar ndiaidh ón 18ú aois amach, nascghabh Comhlacht na hIndiacha Thoir an fo-ilchríoch agus ba choilíneacht na Ríochta Aontaithe í ó lár an 19ú aois. Bhain an India a neamhspleáchas amach sa bhliain 1947 tar éis fheachtas neamhspleáchais ina fheictear seasamh neamhfhoréigneach go forleathan.

Is poblacht í an India le 29 stát agus seacht gcríoch aontais inti, agus tá córas parlaiminteach ar bun sa tír. Bhí an 12ú geilleagar is mó ag an India sa bhliain 2008. Cé go bhfuil geilleagar láidir eascarthach ag an tír, tá an bochtanas, an neamhlitearthacht, an galar agus easpa bia fós ann mar fhadhbanna mhóra. Is stát iolraíoch ilteangach ileitneach í an India sa lá atá inniu ann.

Sanasaíocht

Tagann an t-ainm "an India" ón Iondúis, atá díorthaithe ón fhocal Sean-Pheirseach Hindu, ón Sanskrit Sindlu, an t-ainm stairiúil áitiúil d'abhainn na hIondúise. Thug na sean-Ghréigigh Indoi (Ινδοί) (pobal na hIondúise) ar na hIndiaigh. Tugtar "Bharat" ar an India freisin, i mbunreacht na hIndia agus i teangacha na tíre. Tá an stádas céanna ag an da fhocal. Tagann Bharat ó ainm an rí finscéalach Bharata i miotaseolaíocht na hIndia.


Siombailí náisiúnta Phoblacht na hIndia (go hoifigiúil)
An t-ainmhí náisiúnta: an eilifint
An t-éan náisiúnta
An crann náisiúnta
An bláth náisiúnta
Ainmhí na hoidhreachta náisiúnta
An mamach mara
An reiptíl náisiúnta
Mamach na hoidhreachta náisiúnta
An toradh náisiúnta
An teampall náisiúnta
An abhainn náisiúnta
An sliabh náisiúnta

Teangacha na hIndia

Tá 22 teanga oifigiúil ag an India, is iad an Hiondúis agus Béarla na príomhtheangacha atá in úsáid ag an rialtas láir.

San 18ú haois bhí faill ag an bhFrainc ar smacht a fháil ar réimse maith den India. Má theip orthu é sin a dhéanamh ní de cheal dúthrachta agus misnigh é; arís agus arís eile chuaigh a gcuid arm i ngleic le reisimintí na Breataine, agus d’éirigh leo limistéar beag a choinneáil acu féin siar ó dheas ó Mhadras (Chennai) i dTamil Nadu. Anois tá timpeall 203,000 duine ann. Bhí na Francaigh i bPondicherry le 300 bliain; níor thug siad uathu é go dtí an bhliain 1954.

Ba í a dteanga an rud ba mhó a d’fhág na Sasanaigh ina ndiaidh san India, agus níor thaise do na Francaigh é: tá Fraincis á labhairt fós in Pondicherry, rud a oireann go sármhaith don chuma atá ar an áit – na leaca pábhála, tithe maiseacha, gairdíní deasa; cuid den tseanFhrainc a d’fhág an stair ina diaidh i ndeisceart na hIndia. Tá clú ar na tithe itheacháin, agus clú freisin ar shaoire na beorach; agus bíonn an Masquerade ar siúl i mí Mhárta agus mí Aibreán – daoine in éide álainn agus i maisc ag rince trí na sráideanna le ceol cairdíní agus trumpaí. Ní nach ionadh, déantar ceiliúradh freisin ar scrios an Bastille. Tá an tseanIndia ann i gcónaí, ach go dti seo níor mhúch sí l’Inde française.

Stáit

Is iad na Stáit seo a leanas ballstáit an India:

Tagairtí