Jump to content

An Phacastáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Is tír atá suite i ndeisceart na hÁise í an Phacastáin, (Urdais: پاکستان) nó Poblacht Ioslamach na Pacastáine go hoifigiúil. Tá imeallbhord aici de 1046-ciliméadar (650 míle) ar feadh chósta an Mhuir Arabach agus Mhurascaill Óman sa taobh ó dheas agus tá teorainneacha aici leis an Afganastáin agus an Iaráin san iarthar, an India san oirthear agus an tSín i bhfad san oirthuaisceart. Luíonn an Táidsíceastáin freisin an-ghar don Phacastáin, ach tá sí deighilte uaithi ag an Chonair Wakhan.

An séú tír is mó sa domhan de réir daonra atá ann, agus an dara tír Ioslamach is mó. Bunaíodh an stát nua-aimseartha sa bhliain 1947 nuair a scaradh í ón India, ach téann stair an réigiúin seo fada siar.

Meastar go bhfuil an seachtú harm is mó sa domhan ag an bPacastáin, agus airm núicléacha chomh maith.

Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR