Jump to content

Managua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha Is í Managua príomhchathair Nicearagua, chomh maith leis an roinn riaracháin leis an ainm chéanna. Bunaíodh í sa bhliain 1819 mar shráidbhaile beag iascaireachta, ar bhruach theas Loch Managua. Is í inniu an chathair is mó sa tír, agus cathair thábhachtach i gcúrsaí trádála, tionscadal, polaitiúla agus cultúrtha. Tá daonra 1,850,000, ag an gcathair agus níl daonra níos airde ag chathair ar bith ach amháin Cathair Ghuatamala i Meiriceá Láir.

Nuair a bunaíodh an baile i dtús báire glaodh: "Leal Villa de Santiago de Managua" air. Tá Managua suite idir an dá chathair táb hactach eile i Nicearagua León agus Granada agus dá bharr lonnaigh siad an príomhchathair anseo mar comhréiteach. Tá chuid mhaith de eacnamaíocht Managua ag braith ar trádáil. Tá an chathair mar áit lárnach i dtaoibh caife, cadás, agus barraí eile. Tá sé tábhachtach freisin ó thaobh tionscadal, ag soláthar bior, caife, cipíní, teicstíle, agus bróga.

D'fhulaing an chathair dá chrith talún sa 20ú haois agus ón cheann deireanach tá áit cónaithe agus gnó á thógáil lasmuigh den gcathair dá bharr. Glaotar "An Veinéis sa Mheiriceá Láir" de bharr na canáil atá tógtha ann, agus tá a lán turasóirí ag teacht ann dá bharr. Tá lasair síoraí súite sa chathair chomh maith.