Jump to content

Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eleanor Roosevelt leis an leagan Spáinnise.

Is éard atá i gceist le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine ná an forógra a bhfuil an tuiscint idirnáisiúnta ar choincheap na gceart daonna bunaithe air. Ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe leis an Dearbhú go hoifigiúil ar an 10 Nollaig 1948 i bPalais de Chaillot, Páras. Ba é an Dara Cogadh Domhanda a thug an spreagadh don Dearbhú seo, ach is féidir a rá go dtéann coincheap na gceart daonna féin siar go laethanta Réabhlóid na Fraince, ar a laghad.

An Dearbhú

Tabhair faoi deara nach é seo an leagan oifigiúil. Is aistriúchán sothuigthe é a sheachnaíonn téarmaí dlí.

Brollach

  • Ó ghlactar leis nach féidir saoirse, síocháin ná cothrom Féinne a chur ar bun ar an saol seo gan aitheantas ceart a thabhairt don dínit is dual do chách agus do chearta comhionanna na ndaoine, cearta nach féidir a bhaint d'aon duine,
  • Ó ghlactar leis, nuair a caitheadh anuas ar chearta an duine gan an urraim chuí a thabhairt dóibh, gurbh é ba toradh dó sin ná ainghníomhartha barbartha a chráigh coinsias an chine dhaonna ar fad; agus ó ghlactar leis mar phríomhaidhm do chosmhuintir an domhain go léir saol nua a bhaint amach, saol a chinnteoidh do na daoine daonna cead cainte agus creidimh chomh maith le saoirse ó ghanntanas agus ó eagla,
  • Ó ghlactar leis go bhfuil sé géar-riachtanach dlí a reachtú le cearta an duine a chosaint, ionas nach gcaithfidh sé éirí amach in aghaidh tíorántachta agus ansmachta,
  • Ó ghlactar leis go bhfuil sé géar-riachtanach caidreamh cairdiúil a spreagadh idir na náisiúin,
  • Ós rud é go bhfuil sé dearbhaithe in athuair i gCairt na Náisiún Aontaithe, go gcreideann na Náisiúin seo i mbunchearta an duine, i ndínit agus i bhfiúntas an duine dhaonna agus i gcothrom Féinne idir fir agus mná, agus go bhfuil siad meáite ar an dul chun cinn sa tsochai a spreagadh agus caighdeán na maireachtála a ardú chomh maith le tuilleadh saoirse a bhaint amach do na daoine,
  • Ó thug na Ballstáit gealladh sollúnta go mbainfidh siad amach urraim agus urramú iomlán do na cearta daonna agus na bunsaoráidí i gcomhoibriú leis na Náisiúin Aontaithe,
  • Ó ghlactar leis go bhfuil sé ardtábhachtach comhthuiscint a fháil ar na cearta agus na saoráidí seo leis an ngealladh seo a chomhlíonadh go hiomlán,
  • Mar sin agus ar an ábhar sin,

tá an Comhthionól Ginearálta ag fógairt Dearbhú Uilechoiteann seo Chearta an Duine, mar chomhchaighdeán le baint amach do na daoine go léir agus do na náisiúin go léir, ionas go mbeidh gach duine aonair agus gach foras sa tsochaí ag tabhairt airde ar an Dearbhú seo gan teip, agus go mbeidh siad ag iarraidh urraim choitianta do na cearta agus do na saoráidí a chothú, agus go mbeidh siad, de réir a chéile, ag féachaint chuige go dtabharfar aitheantas agus urraim éifeachtúil do na cearta agus do na saoráidí seo ar fud an domhain, i measc mhuintir na mBallstát agus i measc na bpobal faoi dhlínse na mBallstát.

An Chéad Alt

Ag teacht chun saoil dóibh, is ionann iad na daoine go léir, is ionann a saoirse, a ndínit agus a gcearta. Tá ciall agus coinsias acu go léir, agus dualgas orthu caitheamh le chéile mar a bheadh bráithre iontu.

An Dara hAlt

Tá gach aon duine i dteideal na gceart a leagtar amach sa Dearbhú seo, beag beann ar an gcine, ar dhath na clí, ar an ngnéas, ar an teanga dhúchais, ar an gcreideamh, ar an mbarúil pholaitiúil nó eile, ar an gcúlra náisiúnta nó sóisialta, ar an maoin shaolta, ar an dúchas nó ar stádas ar bith eile.

Naisc