Jump to content

Aer Lingus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Airbus A320-200 de chuid Aer Lingus.

Aerlíne náisiúnta na hÉireann is ea Aer Lingus. Leagan Béarlaithe is ea an t-ainm sin don Gaeilge Aerloingeas. Tá ceanncheathrú an chomhlachta suite in Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus tá 41 aerárthach den déantús Airbus acu ag taisteal chuig an Eoraip, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Meánoirthear.

Tá 28% den aerlíne faoi úinéireacht Rialtais na hÉireann. Bunaíodh an comhlacht i Stocmhalartán na hÉireann agus Stocmhalartán Londain ar an 2 Deireadh Fómhair 2006, tar éis don rialtas cead a thabhairt dó é sin a dhéanamh (bhí 85% den gcomhlacht faoi úinéireacht an Rialtais roimhe sin). Is iarbhall é Aer Lingus den chomhaontas aerlínte Oneworld - d'fhág sé é sin ar 1 Aibreán 2007. [1]

B'ábhar conspóide é in Éirinn (go háirithe san iar-dheisceart) nuair a d'fhógair Aer Lingus i mí Lúnasa, 2007 go raibh sé ag bogadh a chuid eitiltí idir Aerfort na Sionnaine agus Aerfort Heathrow i Londain go dtí Aerfort Bhéal Feiriste, áit atá siad ag bunú mol nua don aerlíne.

Nasc seachtrach