Contae Thír Eoghain
Contae Thír Eoghain | |||||
---|---|---|---|---|---|
Tír Eoghain (ga) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | ||||
Príomhchathair | An Ómaigh | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 177,986 (2011) | ||||
• Dlús | 56.41 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Tuaisceart Éireann | ||||
Achar dromchla | 3,155 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch nEathach | ||||
Ar theorainn le | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Logainm.ie | 100030 |
Is í Contae Thír Eoghain[1] an contae is mó i dTuaisceart Éireann agus atá suite i lár chúige Uladh. Achar: 3,155 km² (1,218 mílte cearnacha).
Tá teorainneacha ag an chontae le cúig chontae eile; Doire sa tuaisceart, Ard Mhacha san oirdheisceart, Muineachán sa deisceart, Fear Manach san iardheisceart, agus Dún na nGall san iarthuaisceart. Ar a bharr sin, tá teorainn ag Tír Eoghain le hAontroim i lár Loch nEathach san oirthear.
Tíreolaíocht
Is contae sléibhtiúil í Tír Eoghain den chuid is mó, cé go bhfuil ceantair machairí sa chontae fosta, go háirithe ar bhruach Loch nEathach, i gceantar na hAbhann Móire i ndeisceart an chontae, agus san iarthuaisceart, ar an Fheabhail. Tá na Speiríní suite i dtuaisceart an chontae, ar an teorainn le contae Dhoire. Is iad an tríú sliabhraon is airde i gCúige Uladh, i ndiaidh na Beanna Boirche agus na Sléibhte Dhoire Bheatha, agus tá an sliabh is airde i dTír Eoghain, an Mullach Clochach (634m), suite ansin. Is é Loch nEathach, an loch is mó sna hOileáin Bhriotanacha (388 km²/150 mílte cearnacha) an phríomhghné in oirthear an chontae, agus comhdhéanann sé teorainn thoir an chontae. Is í an Fheabhail agus a craobh-aibhneacha, an Mhorn, Abhainn na Deirge, Abhainn Coille, agus an Shruthail, na príomhaibhneacha in iarthar an chontae. Is í an Abhainn Mhór an phríomhabhainn sa deisceart, agus comhdhéanann sé an teorainn le Muineachán agus Ard Mhacha sula sruthaíonn sí isteach i Loch nEathach.
Bailte i gcontae Thír Eoghain
- Achadh na Cloiche, Allt a' Mhúscáin, Allt Inse Uí Chatháin, Allt Mór, Ard Bó, Ard Sratha, Ard Tí Garbháin
- Baile an Lorgain, an Baile Nua, Baile Uí Dhálaigh, Baile Uí Dhonnaíle, Bearach, an Bhinn Bhorb, Baile Mhic Gofraidh, An Bhinn Bhorb, Bearach, Bréachmhaoil, An Bhréadaigh, Brocach
- Cabhán an Chaorthainn, an Caisleán Glas, Caisleán na Deirge, an Charraig Mhór, Cionn Aird, Clochar, Clóidigh, na Coracha Móra, an Chorr Chríochach, an Chraobh, Cluain Eo, Coillidh Chlochair, Ceapach Mhic Cuarta, Carn tSiail, Cluain Uí Bhogáin, An Cuach, An Chrannóg, Coill na Gualann, An Caisleán Glas, Cill Dreasa, Coill Aodha, Cillín, Coill Íochtair, Cill Scíre, An Cnoc Maol, Cabhán an Chaorthainn, An Chraobh
- Domhnach Mór, Droichead an Phlum, Droim Mór, Dún Geanainn, Dún na Manach, Doire Críon, Domhnach Eich, Dubhais, Droichead na Dúghlaise, Druim na Coille, Druim Caoin, Doire Mhín, Droichead Victoria
- Eochair, Éadan Doire, An Eaglais, Earganach, Eiscreach, Eimhis
- Fionntamhnach
- Gallbhuaile, Garbhachadh, An Ghléib, Gleann Mórnáin, Gort a' Chláir, An Goirtín
- Lann Uí Eoghasa, Loch Mhic Ruairí
- An Maigh, Muileann an tSiáin, Machaire Measáin, Maigh gCaisil
- Oileán an Ghuail, an Ómaigh
- An Port Mór
- Rúscaigh
- Seisceann Odhar, An Srath Bán, Sean-Mhachaire
- Tamhnach Mhór, Trí Liag, Tulaigh Óg, Tulach an Bhogain
Barúntacht
- Clochar
- Dún Geanainn Íochtarach, Dún Geanainn Láir, Dún Geanainn Uachtarach
- An Ómaigh Thiar, An Ómaigh Thoir
- An Srath Bán Íochtarach, An Srath Bán Uachtarach
Tíreolaíocht
- Abhainn na Finne
- Cluain-Dabhail
- Droichead Leifear, Dún Geanainn Íochtarach, Dún Geanainn Láir, Dún Geanainn Uachtarach
- An Feabhal
- Gleann Aichle
- Loch Bhaile an tSagairt, Loch nEathach, Lios Áine
- Mullach Cairn, An Mughdhorn
- An Ómaigh Thiar
- Samhail, na Speiríní, An Srath Bán Íochtarach, An Srath Bán Uachtarach
Bailte fearainn
- Achadh Ogáin, Achadh Lughna, Allt a' Mhúscáin, Allt Inse Uí Chatháin, Allt Mór
- Baile Ui Colmain, Baile a n-Giatail, Baile Mullaigh, Brannaidh
- An Carnán, Carn tSiail, Carraigínidhe, Carraig Gobláin, Cluain Conraidh, Cluain Bláthach, An Creagán, Coill Chruaiche, Coillidh Chlochair, Coill Uí Neacht, Coill na Gualann
- Doire Críon, Doire Lochain, Doire Triosca, Domhnach Eich, Dubh Chnoc
- Eimhis|
- Garbhach an Chuilinn, Gleann Mhic Cathbhair, Gort an Leamhraigh
- Lathair Beith, Lios Gobáin, Lios Cinn Con, Lios Tamhlachta
- Maolach
- Ocht Dubhrois
- Rath Deargain, Ráth Caorthainn, Reachán
- Sean-Mhachaire
- An Táite Corr, An Táite Riabhach, Tamhnach beag, Tamhnach Mór, Tulaigh na Feola, Tulachearn, Tulaigh na bhFeart, Tulaigh Laig, Tulaigh Linton, Tulaigh Mhig Eochadha, Tulaigh Móna, Tulaigh Muc
- Ucht Buidhe
Cultur
Polaitíocht
Roinntear Tír Eoghain i gceithre Chomhairí Ceantair:
- Comhairle Ceantair an Choirr Chríochaigh
- Comhairle Bhuirg Dhún Geanainn agus Tír Eoghain Theas
- Comhairle Ceantair na hÓmaí
- Comhairle Ceantair an tSratha Báin
Ní leanann teorainneacha na comhairlí ceantair teorainneacha an chontae go hiomlán, áfach. Tá roinnt de Chontae Dhoire i gComhairle Ceantair an Choirr Chríochaigh, roinnt d'Ard Mhacha i gComhairle Bhuirg Dhún Geanainn agus Thír Eoghain Theas, agus tá roinnt de Thír Eoghain i gComhairle Ceantair Fhear Manach. Is í Tír Eoghain an chontae is náisiúnaí i dTuaisceart Éireann; toghadh 47 gcomhairleoir náisiúnacha sna ceithre chomhairle le chéile sa toghchán sa bhliain 2005, i gcomparáid le 26 chomhairleoir aontachtacha agus beirt chomhairleoirí neamhspleácha. I dtoghchán don pharlaimint Westminster agus Tionól Thuaisceart Éireann, roinntear Tír Eoghain i dtrí thoghlach; Fear Manach agus Deisceart Thír Eoghain, Iarthar Thír Eoghain, agus Meán-Uladh. Toghadh iarrthóirí Sinn Féin sna trí thoghlach seo sna toghcháin Westminster sna blianta 2001 agus 2005; Martin McGuinness i Meán-Uladh, Michelle Gildernew i bhFear Manach agus Deisceart Thír Eoghain, agus Pat Doherty in Iarthar Thír Eoghain. Sa toghchán do Thionól Thuaisceart Éireann i 2007, toghadh na hiarrthóirí a leanas;
Fear Manach agus Deisceart Thír Eoghain:
- Tom Elliott - Páirtí Aontachtach Uladh
- Arlene Foster - Páirtí Aontachtach Daonlathach
- Tommy Gallagher - Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre
- Michelle Gildernew - Sinn Féin
- Gerry McHugh - Sinn Féin
- Maurice Morrow - Páirtí Aontachtach Daonlathach
Iarthar Thír Eoghain:
- Allan Bresland - Páirtí Aontachtach Daonlathach
- Thomas Buchanan - Páirtí Aontachtach Daonlathach
- Kieran Deeny - Neamhspleách
- Pat Doherty - Sinn Féin
- Barry McElduff - Sinn Féin
- Claire McGill - Sinn Féin
Meán-Uladh:
- Billy Armstrong — Páirtí Aontachtach Uladh
- Ian McCrea — Páirtí Aontachtach Daonlathach
- Patsy McGlone — Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre
- Martin McGuinness — Sinn Féin
- Francie Molloy — Sinn Féin
- Michelle O'Neill — Sinn Féin
Tagairtí
- ↑ “Contae Thír Eoghain/Tyrone | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.