Jump to content

An difríocht idir athruithe ar: "Rac-cheol"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.6.4) (róbat ag suimiú: ext, it, pnb ag baint: simple
m r2.6.3) (róbat ag suimiú: rue:Рок-музика
Líne 127: Líne 127:
[[ro:Muzică rock]]
[[ro:Muzică rock]]
[[ru:Рок-музыка]]
[[ru:Рок-музыка]]
[[rue:Рок-музика]]
[[sah:Рок музыка]]
[[sah:Рок музыка]]
[[scn:Mùsica rock]]
[[scn:Mùsica rock]]

Leagan ó 20:46, 1 Feabhra 2011

Is gné nó seánra den cheol atá i gceist le rac-cheol, nó rac is roll mar a dtugtar air chomh maith. Tá an seánra seo comhdhéanta de ghuthanna agus uirlisí éagsúla - an giotár, an dord-ghiotár agus na drumaí ach go háirithe. Uirlisí eile a baintear úsáid as ná an pianó, an t-orgán agus an t-sintéiseoir. De ghnáth, bíonn cúl-bhuille láidir le cloisteáil i rac-cheol, agus bíonn na h-amhráin bunaithe ar na giotáir don chuid is mó.

Go forleathan, is comhchiallacha iad na téarmaí rac-cheol agus rac is roll. Bhíodh rac agus roll níos faiseanta sna 1950idí, ach thosaigh na bannaí móra sna 1960idí ag tabhairt an téarma rac-cheol orthu féin. Inniu, is téarma ginearálta é rac-cheol, a clúdaíonn go leor foth-sheánraí éagsúla.

Stair

Téann fréamhacha an rac-cheoil siar go dtí na 1940idí agus na 1950idí. Thosaigh sé ag fás as na saghsanna ceoil a bhíodh ag teacht ar an bhfód i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Leis na céadta anuas, bhíodh daoine ag teacht go dtí an tír seo, agus thóg siad a gcultúr agus a gceol traidisiúnta in éineacht leo. Thosaigh na comhábhair bunúsacha seo ag meascadh le chéile, ag cruthaíodh na fréamhacha ar a mbeadh rac-cheol bunaithe: na gormacha, rithim agus na gormacha, bluegrass, ceol gaspal, ceol tuaithe, ceol tíre, snagcheol agus rudaí eile.

1950idí

Deirtear gur cuireadh tús le rac-cheol i Meiriceá i lár na chaogaidí, i ndeisceart na tíre don chuid is mó. Tháinig formhór de na céad rac-cheoltóirí ón bpobal gorm sna laethanta seo, daoine ar nós Chuck Berry, Bo Diddley, Fats Domino agus Little Richard. Ag tús an scéil, bhíodh siad á sheinm a gcuid ceoil do dhaoine ón phobal céanna ach, de réir a chéile, scar rac-cheol amach níos faide ar fud na tíre go dtí go raibh sé tugtha faoi deara ag an pobal geal chomh maith. Chuaigh rac-cheol i bhfeidhm ar na ceoltóirí ón pobal geal gan mhoill, agus tugadh borradh mór don seánra go forleathan nuair a thosaigh siadsan ag seinm an cheoil chéanna. Bhain ceoltóirí nua ar nós Buddy Holly, Elvis Presley, Bill Haley, Johnny Cash, Roy Orbison agus Jerry Lee Lewis anrath amach, ag seinm rac-cheoil ós comhair lucht féachana i bhfad níos leithne. Ag deireadh na chaogaidí, cé go raibh conspóid ag baint leis fós, bhí rac-cheol glactha isteach i bpríomhshruth an cheoil.

1960idí

Sa bhliain 1955, bhain an ceoltóir Sasanach Lonnie Donegan na cairteacha amach sa Bhreatain agus i Stáit Aontaithe leis a shingil "Rock Island Line". Ceol skiffle a bhí ann, agus meastar go raibh tionchar an-láidir ag an gceirnín seo ar fhás an rac-cheoil sa Ríocht Aontaithe. Thosaigh daoine óga ar fud na tíre ag cur grúpaí skiffle le chéile, rud a rinne John Lennon i Learpholl leis a chuid Quarrymen (a thógfadh an t-ainm The Beatles ní ba dhéanaí). Ag lár na seascaidí, bhí slua mór grúpaí ó Shasana ag baint cáil amach abhaile agus i Meiriceá, mar shampla The Rolling Stones, The Who, The Kinks, The Animals agus araile. Tugtar an tIonradh Briotanach ar an bhfeiniméan seo, agus bhí áit lárnach ag Beatlemania ann.

Trasna na dtonnta i Meiriceá, thóg an t-ionradh Briotanach spreagadh úr nua ar ais do na daoine óga sa tír seo chomh maith. Thosaigh an rac-cheol ag glacadh áit thábhachtach i bhfrithchultúr na seascaidí, rud a shroich a bhuaic le Woodstock sa bhliain 1969. Lean rac-cheol ar aghaidh ag meascadh le seánraí eile, mar shampla ceol traidisiúnta. Bhí daoine ar nós Pete Seeger Woody Guthrie a bhí ina gceannródaí an tseánrao, ach Bob Dylan a bhain an cáil ba mhó amach. Tháinig seisean ar an bhfód, ag canadh amhráin simplí, le giotár fuaimiúil agus liricí le blas polaitiúil. An t-amhrán agóideach, a tugtar air. Ceoltóirí eile a cuireadh sa rang seo ná Neil Young, Joan Baez, Janis Joplin, Simon and Garfunkel, Buffalo Springfield, Joni Mitchell, Donovan, The Mamas and Papas, Bobby Darin, The Band, agus The Byrds.

Ar an dtaobh eile, bhí slua mór grúpaí ag meascadh na fuaime raic le pop-cheol, mar shampla The Partridge Family, The Cowsills, The Osmonds, The Archies, Barry Manilow, Neil Diamond, Olivia Newton-John, Eric Carmen, Bread, The Carpenters, Electric Light Orchestra, England Dan & John Ford Coley agus Tina Turner. Tugtar rac bog ar an ngné seo.

Forbairt nua eile a tháinig ar an saoil ná rac-cheol sícideileach, nuair a thosaigh ceoltóirí ag baint triail as fuaimeanna difriúla, faoi thionchar an LSD go minic. Sin an fáth a tugtar rac-cheol aigéid air chomh maith. Na grúpaí a bhí ba mhó sa seánra seo ná Grateful Dead, The Doors, Jefferson Airplane, Pink Floyd, Jimi Hendrix, Country Joe and the Fish, agus The Byrds arís. Bhí na Beatles an-tógtha leis freisin, rud a bhí thar a bheith soiléir ar na h-albaim Revolver agus Sgt. Pepper's Lonely Hearts Club Band.

Chuir bannaí cosúil le Pink Floyd, The Moody Blues, Procol Harum, Rush, Yes, Genesis, Jethro Tull agus Deep Purple tús le rac forásach, stíl nua a bhí níos casta agus trialaí. Ní raibh rac forásach an rathúil sa lárshruth, ach thuill na grúpaí seo stádas cultais láidir. Seánra eile a bhí i mbéal an phobail ná ceol surf, le bannaí ar nós The Beach Boys, Dick Dale and The Surfaris agus The Shadows ag díoladh a lán ceirníní.

1970idí

Ar thaobh amháin, thosaigh rac-cheol ag éirí níos crua sna 1970idí. Tugtar rac-cheol crua ar an bhforbairt seo, nó miotal trom. I measc na príomhghrúpaí a cuireadh sa chatagóir seo ná Black Sabbath, Led Zeppelin, Deep Purple, Judas Priest, Uriah Heep, Alice Cooper, Aeromsith, Thin Lizzy, Queen agus AC/DC. Airítear gurb é Black Sabbath ó Shasana an chéad ghrúpa a sheinn an rac-cheol trom-mhiotalach, fuaim a bhí níos callánach, dorcha agus feargach. Go forleathan, níor thaitin an seánra seo leis na gcriticí ar chor ar bith, agus thit sé i laige ag deireadh na seachtóidí. Bhí athnuachan, áfach, sa bhliain 1978 nuair a sheol na Meiriceánaigh Van Halen a gcéad albam.

Agus rac-cheol ag fás fós, fuair rac-cheoltóirí an deis ceolchoirmeacha a chuir ar siúl i staideanna spóirt ós chomhair ná mílte duine. Aithnítear gurb é The Beatles a chuir tús leis an nós seo, nuair a sheinn siad i Staid Shea sna seascaidí. Glaodh rac-cheol airéineach air, agus bhrúigh grúpaí ar nós Led Zeppelin, The Who, The Rolling Stones, Pink Floyd, Aerosmith, Boston, REO Speedwagon agus Journey é go dtí leibhéal mór nua.

Cé go raibh an rac-cheol ní ba mhó ná mar a bhí sé riamh i lár na seachtóidí, tháinig glúin fheargach nua ar an bhfód nach raibh tógtha leis na ngrúpaí móra, ar aon nós. Tugtar punc-rac ar an rac-cheol sciobtha, feargach, salach agus ainrialach a bhí á chasadh ag na mbannaí seo. Na príomhbhannaí a bhí freagrach as ná Sex Pistols agus The Clash as Sasana, agus The Ramones, Television agus The Heartbreakers as Meiriceá. Bhí tionchar mór ag an gceol seo, a chuir bun le gluaiseacht chultúrtha chomh maith. Níos déanaí, tugtar nuathonn ar na mbannaí a bhí ag seinm punc-rac le blas níos ealaíonta, mar shampla Talking Heads, Blondie agus Devo. Lean punc-rac ar aghaidh ag athrú ag deireadh na 1970idí, agus nuair a sheol John Lydon a chéadligean leis a bhanna nua Public Image Ltd sa bhliain 1978, tugtar iar-phunc ar an bhfuaim a bhí cosúil leis an rac nua-thonntach ach beagán níos dúshlánach agus scríobach. Bhí formhór de na grúpaí seo as Sasana, mar shampla Joy Division, Siouxsie & the Banshees, The Fall, Gang of Four, agus Echo & the Bunnymen. An banna is mó a tháinig as an ngluaiseacht seo ná U2 as Éire.

1980idí

D'fhás an rac-cheol i dtreonna difriúla sna h-ochtóidí. Tháinig punc rac agus miotal trom slán as na seachtóidí, ach athraíodh iad go mór mór. Maidir leis an miotal trom, bhain sé sult as fuinneamh agus fás nua ar a dtugtar Nuathonn an Mhiotail Throim Bhriotanach. Meastar go bhfuil an ghluaiseacht seo freagrach as an miotal trom nua-aimseartha atá sa lá atá inniu ann, le daoine ar nós Metallica agus Megadeth ina measc. Sampla maithe den stíl seo ná Iron Maiden, Tygers of Pan Tang, Def Leppard, Motörhead, Triarchy, Blitzkrieg, Sweet Savage, Girlschool, Saxon, Diamond Head, Samson agus Tank. I gcás an phunc-raic, lean sé ag éirí níos tapaidh agus glórach arís, agus baisteadh hardcore ar bhannaí cosúil le Black Flag, Hüsker Dü, Minor Threat, agus Dead Kennedys).

Seánra eile a bhí rathúil na rac croíthailteach, i Meiriceá ach go háirithe. Na samplaí is fearr ná Bruce Springsteen, Bob Seger, Donnie Iris agus John (Cougar) Mellencamp. Ceol domhanda a glaodh ar ghné eile, ina meascaíodh rac-cheol le ceol traidisiúnta idirnáisiúnta. B'iad Paul Simon agus Peter Gabriel a cheannródaigh an fhorbairt seo.

As na miotaleoirí, tháinig dream nua ar a dtugtar miotal gruaige (nó miotal maisiúil uaireanta) de bharr na gruaige fhada a bhíodh ag baill na ngrúpaí go rialta. Na ceoltóirí a luaitear sa chatagóir seo ná Aerosmith, Guns N' Roses, Bon Jovi, Queen, Kiss, Alice Cooper, Twisted Sister, Sweet, New York Dolls, Mötley Crüe, W.A.S.P. agus Ratt.

Tugtar rac malartach ar slua bhannaí nach raibh éasca a chur in aon chatagóir eile. Bhí fuaimeanna difriúla acu, ach an rud a bhí ag gach dóibh ná go raibh siad tógtha go mór le smaointe agus idé-eolaíocht an phunc-raic. De ghnáth, bhí siad sínte le comhlachtaí beaga neamhspleácha, agus tugadh an teideal rac neamhspleách orthu ("indie", i mBéarla). Bhí an ghluaiseacht chéanna le feiceáil ar dhá thaobh an Atlantaigh, agus bhain daoine ar nós Dinosaur Jr, Pavement, R.E.M., Pixies, Sonic Youth, The Cure agus The Smiths cáil amach i rith an ré seo. Is léir go raibh an ceol ab fhearr i Sasana ag teacht ó Mhanchain, agus na hochtóidí ag druidim chun deiridh. Mar shampla, tháinig Stone Roses, James, Happy Mondays agus The Charlatans as an gcathair seo. Ba iad na bannaí seo a chuir síolta an phléascadh grúinse sa chéad deichniúr eile.

1990idí

Ag tús na nóchaidí, bhí easpa rac-cheoil sna cairteacha. Ba leis na pop-cheoltóirí é an ré seo, le daoine cosúil le Michael Jackson, Madonna agus Prince ar bharr a mhaitheasa. Bhí an rac-cheol a bhí fós beo sáite leis na miotaleoirí gruaige céanna, agus bhí bearna mór le feiceáil idir na sean-mhiotaleoirí agus an ghlúin nua a tógadh leis an rac malartach. Bhí na bannaí neamhspleácha ann fós, ach ní raibh an cháil mar chuspóir acu agus choimeád siad iad féin as an spotsolas. Athraíodh cúrsaí, áfach, timpeall an bhliain 1991, nuair a thosaigh bannaí nua ag teacht amach as an stát Washington, a bhí ag seinm comhcheangal idir phunc-rac agus miotal, agus bhris siad isteach sa phríomhsruth go tapaidh. Tháinig an chéad dream as an gcathair Seattle, agus tugadh an t-ainm grúinse orthu. Na bannaí ba mhó a bhí ann ná Nirvana, The Melvins, Pearl Jam, Soundgarden, Alice In Chains agus Mudhoney. Chuir an rud seo tús le athrú mór, agus gan mhoill bhí an lárshruth plódaithe le bannaí a bhí faoi thalamh roimhe seo. Lean roinnt grúpaí ón seánra seo go dtí deireadh na nóchaidí, mar shampla Smashing Pumpkins, Foo Fighters, Stone Temple Pilots agus Hole. Tugtar an t-ainm Britpop ar bhannaí cosúil le Oasis, Blur, Pulp, Catatonia, Cast agus Verve.

Nuair a bhí na Stáit Aontaithe dúghafa fós le grúinse agus iar-ghrúinse, chuaigh rudaí i dtreo eile ar fad sa Bhreatain le seánra nua ar a dtugtar Britpop. Bhí saghas athbheochan ann i lár na nóchaidí, ina raibh ceol le blas na seascaidí faiseanta arís. Na bannaí ba rathúla a tháinig amach as an ceann seo ná Suede, Oasis, Supergrass, The Verve, Radiohead, Pulp agus Blur.

Seánraí

Tagann a lán seánraí eile faoin seánra ginearálta seo, mar shampla: