Washington
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Stát atá suite in iarthuaisceart SAM is ea Washington. Olympia an phríomhchathair agus is é Seattle an chathair is mó. Bhí 6.7 milliún duine ina gcónaí dar leis an daonáirimh sa bhliain 2010. Cónaíonn timpeall ar 60% den daonra i mórcheantar Seattle. Tá a lán foraoisí, aibhneacha, altán, agus sléibhte sa stát. Is é Jay Inslee (Páirtí Daonlathach) gobharnóir an stáit. Úsáidtear an giorrúchán WA don phost.
Washington | |||||
---|---|---|---|---|---|
State of Washington (en) | |||||
|
|||||
Mana | «Justitia Omnibus» | ||||
Siombail oifigiúil | Washington state tartan (en) | ||||
Leasainm | The Evergreen State | ||||
Ainmnithe in ómós | George Washington | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Príomhchathair | Olympia | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 7,705,281 (2020) | ||||
• Dlús | 41.69 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 2,905,822 (2020) | ||||
Teanga oifigiúil | luach ar iarraidh | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | na Stáit Aontaithe comhtheagmhálacha | ||||
Achar dromchla | 184,827 km² | ||||
• Uisce | 6.79 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Ciúin, Abhainn Columbia, Strait of Georgia (en) , Haro Strait (en) agus Strait of Juan de Fuca (en) | ||||
Airde | 520 m | ||||
Pointe is airde | Sliabh Rainier (4,389 m) | ||||
Pointe is ísle | an tAigéan Ciúin | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Washington Territory (en) | ||||
Cruthú | 11 Samhain 1889 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Washington | ||||
Comhlacht reachtach | Reachtas Washington | ||||
• Gobharnóir Washington | Jay Inslee (2013–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach Washington | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | US-WA | ||||
ID GNIS | 1779804 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | wa.gov |
Tíreolaíocht
cuir in eagarTá stát Washington suite in iarthar Mheiriceá Thuaidh ar an Aigéan Ciúin, ar lár thuaidh an chósta. Tá sé ag críochantacht le Oregon ar a thaobh theas, le Idaho ar a thaobh thoir, agus leis an Cholóim Bhriotanach, i gCeanada, ar a thaobh thuaidh. Tá an tAigéan Ciúin laistiar den stát. Is é Washington an stát Meiriceánach is faide siar ó thuaidh de na 48 stát atá teorannach le chéile. An Pacific Northwest a thugtar ar Washington agus Oregon le chéile (cuirtear Idaho in éineacht leo, go minic, agus fiú codanna eile d’iarthar na tíre).
Síneann an sliabhraon Cascade ó dheas ó thuaidh, an stát dealaithe ina dhá leath aige. Tá aeráid mhuirí sa leath thiar: bíonn sé fliuch séimh ansin sa gheimhreadh, san earrach, agus san fhómhar, agus tirim sa samhradh. Insna Sléibhte Oilimpeacha, in iarthuaisceart an stáit, titeann an oiread sin báistí (150–200 orlach sa bhliain) gurb é an t-aon áit sna 48 stát ina bhfuil foraoisí báistí aeráide measartha. Tá aeráid thirim san oirthear an bhliain ar fad: ar Chaomhnú Hanford, faoi scáth na gCascades, ní thiteann ach 6–7 orlach sa bhliain.
Tá cúig bholcán mhóra sa sliabhraon Cascade Mount Baker, Glacier Peak, Mount Rainier, Mount Saint Helens, and Mount Adams, iad go léir beo, gí nach bhfuil siad gníomhach faoi láthair. Bhrúcht Mount St. Helens sa bhliain 1980. Is é Mount Ranier an sliabh is airde i stát Washington: tá sé 14,411 troigh ar airde, nó 4,393 méadar.
Contaetha in Washington
cuir in eagarBailte agus cathracha
cuir in eagarTeangacha atá á úsáid sa stát
cuir in eagarSa bhliain 2010 ba é Béarla an príomhtheanga do 82.51% (5,060,313) de dhaonra Washington.
Teanga | % de dhaonra Washington (Sa bhliain 2010) |
---|---|
Spáinnis | 7.79% |
Sínis | 1.19% |
Vítneaimis | 0.94% |
Tagálaigis | 0.84% |
Cóiréis | 0.83% |
Rúisis | 0.80% |
Gearmáinis | 0.55% |
Seapáinis | 0.39% |
Fraincís | 0.33% |
Úcráinis | 0.27% |
Stair
cuir in eagarI Washington a fuarthas cnámha Kennewick Man, ceann de na creatlaigh is sine agus is iomláine dár thángthas riamh uirthi i Meiriceá Thuaidh.[1] Bhí na cuaillí tótam, mascanna agus curaigh ag Indiaigh Washington snoite go hornáideach, cosúil leis na cinn ag na treibheanna níos faide ó thuaidh, sa Cholóim Bhriotanach. Bhí iascaireacht an bhradáin tábhachtach i saol na Meiriceánach bundúchasach, agus seilg na míolta móra i measc na Makah. Bhí slí bheatha dhifriúil ag na pobail intíre, í bunaithe ag an tsealgaireacht, cnuasach bia agus beagán curadóireachta. Bhraith siad freisin ar bhradáin ón Abhainn Columbia agus ó na craobh-aibhneacha. I mí Eanáir na bliana 1700 bhuail Crith Talún Cascadia iarthar Washington; rinne an súnámaí mór a tháinig i ndiaidh an chrith talún an-treascairt ar an gcósta agus ar na daoine a bhí ina gcónaí ann. Rinne ráig chalair na 1770idí an-scrios ar na hIndiaigh.
Chuir na Spáinnigh taiscéalaithe feadh an chósta thiar de Mheiriceá Thuaidh sa dara leath den 17ú haois. Bhí trádálaithe fionnaidh ón Rúis curtha fúthu in Alasca, agus bhí na Spáinnigh ag iarraidh cósta thiar Mheiriceá Thuaidh a éileamh dóibh féin sula mbeadh seans ag na Rúisigh seilbh a ghlacadh ar na bólaí sin rompu. Ba iad beirt Spáinneach, Bruno Heceta agus Juan Francisco de la Bodega y Quadra, mar sin na chéad Eorpaigh dár leag cos ar chósta Washington.
Ní raibh sé i bhfad áfach gur bhain na Sasanaigh cósta thiar thuaidh Mheiriceá Thuaidh amach freisin, agus na Meiriceánaigh ar a sála. Tháinig an Captaen James Cook, taiscéalaí Sasanach cáiliúil, sa bhliain 1778, ach mar gheall ar an drochaimsir a bhí ann, ní dheachaigh sé i dtír. Tháinig Sasanach eile, George Vancouver, sa bhliain 1792, agus rinne sé suirbhéireacht ar Shunda Puget agus ar Mhurascaill Georgia. Chuir comhlacht i mBostún an Captaen Robert Gray chuig Washington le trádáil ar son fionnadh. Bhain sé béal Abhann na Columbia amach sa bhliain 1792 agus as sin a d'éiligh na Stáit Aontaithe teideal ar an réigiún den chéad uair. Bunús an dara héileamh Meiriceánach air ná an tsluaíocht Lewis agus Clark. Thrasnaigh siad seo na Sléibhte Creagacha sa bhliain 1805 agus lean siad an Abhainn Snake siar go dtí an cósta. Threisigh na Briotanaigh, áfach, a n-éileamh acusan ar an réigiún idir 1807 agus 1811 mar gheall ar an taiscéalaíocht a rinne David Thompson, Ceanadach, ann.
Chuir na Briotanaigh agus na Meiriceánaigh lonnaíochtaí ar siúl, mar shampla Spokane House, bunaithe ag an North West Company in oirthear Washington sa bhliain 1810, agus Fort Okanogan, bunaithe ag comhlacht John Jacob Astor, an bhliain ina dhiaidh sin. Trádáil i bhfionnaidh a bhí i gceist sa dá chás. Ní raibh an dá thír ábalta teorainn a shocrú sa limistéir taobh thiar de na Sléibhte Creagacha, ach sa bhliain 1818 síníodh conradh eatarthu (Conbhinsiún Angla-Mheireacánach na bliana 1818), a thug cead do shaoránaigh Bhriotanacha agus Mheiriceánacha araon a bheith gníomhach ann. Críoch Oregon an t-ainm a bhí ar an limistéir úd. D'éirigh an Spáinn as a cearta sa réigiún sa bhliain 1819.
Mhair an comhrialú Angla-Mheiriceánach seo ar feadh tamaill fhada ach níor éirigh leis an dá thír teorainn a shocrú. Cnámh spairne cheart a bhí ann sa deireadh—[Domhanleithead] "50-40 nó troid!" an sluán a bhí ag daoine sna Stáit Aontaithe, rud a d'fhágfadh an teorainn beagnach chomh fada ó thuaidh le hAlasca. Rinne na Briotanaigh iarracht a gcoilínigh féin a chur fúthu san iarthuaisceart, fiú san áit ina bhfuil Washington anois. Ar 15 Meitheamh 1846 ghlac an Bhreatain Mhór agus na Stáit Aontaithe le domhanleithead 49 mar an teorainn idirnáisiúnta.
D'iarr na lonnaitheoirí i dtuaisceart Chríoch Oregon ar an rialtas feidearálach a gcríoch féin a bheith acu agus rinneadh amhlaidh sa bhliain 1853. Washington a baisteadh ar an gcríoch nua. Bhí tuaisceart Idaho agus codanna d'iarthar Montana mar chuid de Chríoch Washington freisin. Níor ghlac an chríoch páirt i gCogadh Cathartha na Stát Aontaithe sna 1860idí. Ar 11 Samhain 1889 glacadh Washington mar an 42ú stát.
Bhí cogaíocht ar siúl idir na hIndiaigh agus na lonnaitheoirí sna blianta 1855–1858. Sa bhliain 1883 nascadh Washington le oirthear Mheiriceá le iarnród.
Rinneadh forbairt iarthuaisceart Mheiriceá a cheiliúradh agus a chur chun cinn leis an Taispeántas Alaska-Yukon-Pacific in Seattle sa bhliain 1909. Críochnaíodh Damba Grand Coulee sa bhliain 1942. Shínígh na Stáit Aontaithe agus Ceanada Conradh Abhann na Columbia sa bhliain 1961 agus chuaigh sé i bhfeidhm sa bhliain 1964, rud a chuir le geilleagar an réigiún ar an dá thaobh den teorainn.
Cuireadh taispeántas domhanda ar siúl arís sa bhliain 1962 (Century 21 an t-ainm a bhí air) agus ceann eile fós i 1974 (Expo ’74). In Seattle a bhí an dá thaispeántas araon.
Ar an 18 Bealtaine 1980, bhrúcht Mount St. Helens. Cailleadh 57 duine agus rinneadh an-damáiste in iardheisceart an stáit.
Toghadh Gary Locke den Pháirtí Daonlathach mar ghobharnóir Washington sa bhliain 1996. Eisean an chéad duine de shliocht Síneach ina ghobharnóir stáit sna Stáit Aontaithe. Fuair Christine Gregoire (D) an bua sa rás don phost céanna sa bhliain 2005, i ndiaidh achrann as an gnáth.
Eacnamaíocht
cuir in eagarTá a lán tionscal agus gnólachtaí gníomhach i ngeilleagar Washington: dearadh agus déantús aerárthach (Boeing), gluaisiteán (Paccar), forbairt bogearraí (Microsoft, Bungie, Amazon.com, Nintendo of America), teileacom (T-Mobile USA), leictreonaic, bith-theicneolaíocht, táirgeadh alúmanaim, adhmad agus táirgí a dhéantar de (Weyerhaeuser), mianadóireacht, táirgeadh agus dáileadh deochanna (Starbucks), slabhraí miondíola (Nordstrom, Eddie Bauer, Costco), agus turasóireacht (Alaska Airlines, Expedia). Gineann beagán breis is míle damba méid mór cumhachta leictrigh. Mar gheall ar na calafoirt ar Shunda Puget, déantar a lán trádála le tíortha na hÁise.
Tá Washington i measc na 7 stát nach bhfuil cáin ioncaim acu. Ní ghearrtar cáin ioncaim ar ghnólachtaí ach oiread. Tá cánacha eile ann, áfach. Mar shampla, cruinnítear cáin ar dhíolachán earraí agus seirbhísí. Is é 6.5% an ráta stáit agus cuireann na bailte leis an méid sin (9.5% in Seattle agus áiteanna eile).
Ba SAM$338,334 milliún an olltáirgeacht stáit (GSP) a bhí ag Washington sa bhliain 2009.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Kennewick Man Skeletal Find May Revolutionalize Continent's History" Science Daily, 2006 (faighte ar 16 Lún. 2014) agus "The 9,000-Year-Old-Man Speaks" Douglas Preston, Smithsonian (Meán Fómhair 2014), 52–63
Naisc sheachtracha
cuir in eagar
Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
---|---|---|---|
|
Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |